Comhlacht poiblí neamhspleách a rialálann earnáil cíosa na hÉireann is ea an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB). Oibrímid chun córas cíosa cothrom a chinntiú do gach duine in Éirinn.
Inár ról, déanaimid na nithe seo a leanas:
- Tionóntaí agus tiarnaí talún a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina bhfreagrachtaí
- A chinntiú go gcláróidh tiarnaí talún tionóntachtaí agus go gcloífidh siad leis an dlí cíosa
- Cabhrú le díospóidí tionóntachta a réiteach
- Sonraí agus léargais iontaofa a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin mbeartas i leith na hearnála cíosa
Táimid tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar a fhágann go bhfuil an earnáil cíosa níos cothroime agus níos éasca le tuiscint.
Rialálaimid gach ceann de na tionóntachtaí príobháideacha, de na tionóntachtaí Comhlachta Tithíochta Cheadaithe, de na tionóntachtaí ar cíos de réir costais, agus de na tionóntachtaí i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn in Éirinn.
Oibrímid faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.