Tionónacht a chlárú - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Tionónacht a chlárú

Ní mór do thiarnaí talún tionóntachtaí cónaithe a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) gach bliain. Tá feidhm aige sin maidir le tiarnaí talún príobháideacha, le Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe, le soláthraithe cóiríochta atá sonrach do mhic léinn agus le tionóntachtaí ar cíos de réir costais.