Tiarnaí talún aonair agus gníomhairí aonair
Na rudaí a theastaíonn uait
Teastóidh na mionsonraí seo a leanas uait:
- Ainm iomlán: mar atá sonraithe ar do chárta Uimhreach Pearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó ar do dhoiciméad aitheantais oifigiúil.
- UPSP agus dáta breithe: mura bhfuil UPSP agat, tabhair doiciméad aitheantais bailí (pas, ceadúnas tiomána, nó cárta aitheantais náisiúnta) agus bille fóntais lena ndeimhnítear do sheoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.
- Seoladh ríomhphoist: a úsáidtear chun do chuntas a rochtain.
Conas do chuntas a chruthú
Lean na céimeanna thíos:
Céim 1: Bunaigh do chuntas
Téigh chuig: ‘Create an Individual Account’ agus iontráil do mhionsonraí
Socraigh pasfhocal ina bhfuil 8 gcarachtar ar a laghad, lena n-áirítear litir sa chás uachtair, litir sa chás íochtair, uimhir agus carachtar speisialta (! @ # $ & ; * -).
Céim 2: Fíorú ríomhphoist
Seiceáil do ríomhphoist le haghaidh nasc fíoraithe (a bheidh bailí ar feadh 2 uair an chloig).
Cliceáil ar an nasc agus lean na treoracha chun mionsonraí breise a iontráil chun do chuntas a chruthú.
Fíoraigh do chéannacht:
- Trí UPSP: iontráil do UPSP agus do dháta breithe.
- Gan UPSP: uaslódáil doiciméad aitheantais bailí agus bille fóntais. Nuair a bheidh do chéannacht fíoraithe, gheobhaidh tú Aitheantóir NNL (Tiarna Talún Neamhnáisiúnta) uathúil sa rannán ‘Edit Profile’ de do chuntas ar líne le RTB.
Céim 3: Cruthaigh próifíl
- Mionsonraí an tiarna talún: Iontráil d’uimhir fóin agus do sheoladh (lena n-áirítear seoladh comhfhreagrais, más éagsúil).
- Roghnaigh do ról: roghnaigh ról amháin ar a laghad, is féidir leat níos mó ról a chur leis tráth níos déanaí.
- Deimhnigh do mhionsonraí: tríd an dearbhú a chomhlánú.
Céim 4: Fíordheimhniú
Fíorú cuntais: Fíoróimid do chuntas agus seolfaimid nasc chugat chun é a rochtain.
- Trí UPSP: Tógann fíorú suas le 2 uair an chloig.
- Gan UPSP: Tógann fíorú doiciméad suas le 2 lá oibre.
Déanfaimid teagmháil leat mura bhfuilimid in ann do chuntas a fhíorú. Ní féidir leat tionóntachtaí a chlárú go dtí go mbeidh do chuntas fíoraithe.
Céim 5: Cuntas cruthaithe
Nuair a bheidh sé fíoraithe, is féidir leat do chuntas clárúcháin nua a rochtain. Is féidir leat anois tionóntachtaí a chlárú agus a bhainistiú ó leathanach baile do chuntais.