Clárúcháin a nuashonrú - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Clárúcháin a nuashonrú

Cathain nach mór duit an clárú tionóntachta a nuashonrú

Ní mór duit gach clárú tionóntachta a nuashonrú sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá athrú ar an méid cíosa ann: cuir in iúl dúinn laistigh de mhí amháin ón uair a thagann an cíos nua in éifeacht.
  • Má tá athrú ar an tionónta/na tionóntaí ann: más rud é go bhfuil athrú tagtha ar roinnt tionóntaí ach go bhfuil duine amháin ar a laghad de na tionóntaí bunaidh ag fanacht sa mhaoin, ní mór duit an clárú a nuashonrú.
  • Má tá athrú úinéireachta maoine ann: más rud é nach tusa an t-úinéir a thuilleadh ach go bhfuil duine amháin ar a laghad de na tiarnaí talún bunaidh ann fós, ní mór duit an clárú a nuashonrú.
  • Má tá athrú ar stádas cíosa na maoine ann: mura bhfuil an mhaoin á ligean ar cíos agat a thuilleadh.
  • Úinéir nua maoine: má tá úinéir nua ar an maoin.

Nithe tábhachtacha atá le tabhairt faoi deara

Na tionóntaí bunaidh uile a bhaint

Má bhaineann tú na tionóntaí bunaidh uile den chlárú, críochnóidh sé go huathoibríoch. Má bhogann tionóntaí nua isteach, beidh ort clárú tionóntachta nua a chruthú. Chun é sin a dhéanamh, roghnaigh an rogha ‘Create a New Registration’ ar leathanach baile do chuntais clárúcháin.

Úinéir nua maoine

Má tá úinéir nua ar an maoin, is gá duit faisnéis bhreise a thabhairt dúinn. Déan teagmháil le registrations@rtb.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuashonruithe ar dháta tosaithe na tionóntachta

Má thug tú dáta tosaithe tionóntachta mícheart nuair a chláraigh tú, ní féidir leat é a athrú i do chuntas clárúcháin.

Ní mór duit ceartúchán a sheoladh chugainn i scríbhinn:

  • Le ríomhphost chuig: registrations@rtb.ie
  • Tríd an bpost chuig: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 47, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí.

Conas nuashonrú ar líne

Is é an bealach is fusa chun do thionóntacht a nuashonrú ná ar líne trí do chuntas clárúcháin. Lean na céimeanna thíos chun an clárú tionóntachta a nuashonrú:

  1. Logáil isteach i do chuntas clárúcháin.
  2. Téigh chuig an rogha ‘Renew Annual Registrations and Manage All Registrations’ ar leathanach baile do chuntais clárúcháin.
  3. Aimsigh an clárú tionóntachta is mian leat a nuashonrú agus roghnaigh ‘View/Edit’.
  4. Cuir mionsonraí do chlárúcháin tionóntachta in eagar (mar shampla, an méid cíosa a athrú nó tionónta a chur leis nó a bhaint).
  5. Chun deireadh a chur leis an tionóntacht, roghnaigh an rogha ‘End Tenancy’ in aice le ‘View/Edit’.
  6. Sábháil d’athruithe.

Conas nuashonrú le ríomhphost nó tríd an bpost

Cé gurb é nuashonrú a dhéanamh ar líne an modh is éifeachtúla, is féidir leat do thionóntacht a nuashonrú le ríomhphost nó tríd an bpost freisin.

Conas nuashonrú tríd an bpost

  1. Íoslódáil an Fhoirm Nuashonraithe Tionóntachta.
  2. Comhlánaigh an fhoirm agus sábháil í.
  3. Priontáil an fhoirm chomhlánaithe agus seol í tríd an bpost chuig: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 47, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí.

Deimhniú nuashonruithe

Nuashonraigh tú ar líne

Tar éis duit d’athruithe a shábháil i do chuntas clárúcháin le RTB, gheobhaidh tú deimhniú maidir leis an nuashonrú sa rannán ‘My Messages’ de do chuntas. Gheobhaidh na tiarnaí talún agus na tionóntaí uile atá liostaithe ar an gclárú tionóntachta deimhniú maidir le haon nuashonruithe a rinneadh.

Nuashonraigh tú le ríomhphost nó tríd an bpost

 

An bhfuil táille ann as mionsonraí tionóntachta a nuashonrú?

Níl aon táille ann as na mionsonraí tionóntachta a nuashonrú, chomh fada agus atá tionónta bunaidh amháin ar a laghad fós ina c(h)ónaí ann. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le táillí clárúcháin.