Na rialacha náisiúnta rialaithe cíosa
Ón 1 Márta 2026 ar aghaidh, beidh feidhm ag córas náisiúnta nua rialaithe cíosa maidir le gach tionóntacht
phríobháideach agus le cóiríocht atá sonrach do mhic léinn (SSA). Faoin gcóras sin:
- Ní bheifear in ann cíos a mhéadú ach uair amháin sa bhliain agus ní bheifear in ann é a mhéadú ach amháin faoi 2%
nó faoi ráta an bhoilscithe, cibé acu is ísle. Is de réir an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI) a dhéantar ráta an
bhoilscithe a thomhas. - I gcás tionóntachtaí príobháideacha arna gcruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh: Ceadaítear athshocrú go cíos
margaidh i gcásanna sonracha. Is iad sin:- Nuair a thosaíonn tionóntacht nua, ach amháin má tháinig an tionóntacht dheireanach chun deiridh toisc gur
roghnaigh an tionónta imeacht, toisc gur sháraigh an tionónta a (h)oibleagáidí nó toisc nach n-oireann an
mhaoin do riachtanais an tionónta a thuilleadh. - Ag deireadh timthriall tionóntachta sé bliana (dá ngairtear ‘Tionóntacht Ré Íosta’).
- Nuair a thosaíonn tionóntacht nua, ach amháin má tháinig an tionóntacht dheireanach chun deiridh toisc gur
- I gcás tionóntachtaí atá ann cheana arna gcruthú roimh an 1 Márta 2026: Ní cheadaítear athshocrú go cíos
margaidh i gcás tionóntacht leanúnach arna cruthú roimh an 1 Márta 2026.