An próiseas cinnteoireachta
Tá sé mar aidhm againn trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach i ngach cinneadh a bhaineann leis an dóigh a bhfeidhmímid.
Bord RTB: déanann sé cinntí maidir le straitéis agus le caiteachas, agus faigheann sé tacaíocht ina leith, de réir mar is gá, ó choistí a bhfuil saineolas speisialta acu. Faigh tuilleadh faisnéise faoi chomhaltaí an Bhoird agus na gCoistí agus faoina róil.
An Fhoireann Ceannaireachta Feidhmiúcháin: bainistíonn sí cinntí maidir le gnáthoibríochtaí laethúla.
Cinntí beartais phoiblí: cé nach ndéanann RTB aon bheartas poiblí, bailímid faisnéis tionóntachta agus sonraí cíosa agus anailísímid iad chun bonn eolais a chur faoin déanamh beartas san earnáil cíosa.
Cinntí imscrúduithe agus smachtbhannaí: déanann Painéal neamhspleách Cinnteoirí na cinntí sin a láimhseáil. Déanann na cinnteoirí a gcinntí go neamhspleách (gan aon tionchar seachtrach), bunaithe ar thorthaí an phróisis imscrúdaithe.
Cinntí réitigh díospóidí: déantar iad sin a éascú trí phainéal neamhspleách breithneoirí agus idirghabhálaithe. Feidhmíonn siad go neamhspleách chun cothroime a chinntiú.