Ginearálta
Tá an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (‘RTB’) tiomanta do gach catagóir sonraí pearsanta agus speisialta (dá ngairtear sonraí pearsanta íogaire freisin) a choimeádtar fút a chosaint.
Tóg an t-am chun Ráiteas Príobháideachta RTB (atá le fáil sa rannán ‘Íoslódáil’ thíos) a léamh toisc go mínítear ann conas a bhailímid, a úsáidimid agus a stórálaimid do shonraí pearsanta, agus na cearta atá agat maidir le cosaint do shonraí pearsanta.
Tabhair faoi deara go ndéantar athbhreithniú tráthrialta ar an Ráiteas Príobháideachta sin, agus forchoimeádaimid an ceart chun é a nuashonrú de réir mar is gá. Is féidir an leagan is déanaí den doiciméad sin a fháil sa rannán ‘Íoslódáil’ thíos.