Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath
Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.
Próiseas díospóidí
Tá ceithre rogha ag tionóntaí agus ag tiarnaí talún chun a ndíospóidí tionóntachta a réiteach. Tosaígí le féinréiteach mar an chéad chéim in bhur bpróiseas réitigh díospóide. Trí obair le chéile, is féidir libh teacht ar chomhaontú cothrom.
Féinréiteach
Is é an bealach is simplí chun díospóid tionóntachta a réiteach ná labhairt leis an bpáirtí eile. Molaimid don dá thaobh iarracht a dhéanamh na fadhbanna a réiteach ina n-aonar ar dtús. Tríd is tríd, bíonn sé sin níos tapúla agus bíonn níos lú struis ag baint leis.
- Pléigí na saincheisteanna ar bhealach measúil agus oscailte. Déanaigí iarracht dearcadh an pháirtí eile a thuiscint.
- Oibrígí le chéile chun teacht ar réiteach a mbeidh gach duine sásta leis.
- Bainigí úsáid as an bhfaisnéis agus na hacmhainní atá ar fáil.
Mura féidir libh an tsaincheist a réiteach in bhur n-aonar, is féidir libh iarratas foirmiúil a chur isteach le haghaidh réiteach díospóide.
Idirghabháil
Bainigí úsáid as ár seirbhís idirghabhála saor in aisce chun teacht ar chomhaontú atá ina cheangal dlí a mbeidh gach duine sásta leis. Cabhraíonn idirghabhálaí le tionóntaí agus le tiarnaí talún saincheisteanna tionóntachta a réiteach. Seirbhís teileafóin thapa éifeachtach is ea an idirghabháil.
Breithniú
Déanann breithneoir neamhspleách athbhreithniú ar an bhfianaise a chuir an dá pháirtí isteach. Déanann an breithneoir cinneadh ar thoradh na díospóide ar bhonn na fianaise agus an dlí. Tá an cinneadh ina cheangal. Cosnaíonn an tseirbhís sin €30 agus tógann sí níos mó ama ná mar a thógann an idirghabháil.
Binsí
Mura bhfuil ceachtar páirtí sásta leis an toradh ar idirghabháil nó ar bhreithniú, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig binse. Is féidir libh aon fhianaise bhreise faoi bhur ndíospóid a chur i láthair. Déanann an binse cinneadh ar thoradh na díospóide ar bhonn na fianaise agus an dlí. Tá an cinneadh ina cheangal.
Torthaí díospóide RTB
Is féidir leat cuardach le haghaidh torthaí agus Orduithe Cinnidh roimhe seo le haghaidh breithnithe agus binsí.
Cuardaigh torthaí díospóide