Treoir maidir le fianaise - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Treoir maidir le fianaise

Má tá tú páirteach i ndíospóid le tionónta nó le tiarna talún, is féidir go mbeidh ort fianaise ábhartha a bhailiú. Faigh amach cé na cineálacha éagsúla fianaise atá ann agus cén uair a bhíonn gá leo.

Conas a úsáidtear fianaise chun díospóidí a réiteach

Cabhraíonn fianaise leat a chruthú gur tharla rud éigin nó nár tharla rud éigin.  Cabhraíonn sí leat maidir le do dhíospóid tionóntachta agus le réiteach a fháil.

I measc na samplaí d’fhianaise tá doiciméid, grianghraif agus admhálacha. Ba cheart do thionóntaí agus do thiarnaí talún araon fianaise ábhartha a bhailiú chun tacú lena gcás.

Faigh amach conas a úsáidtear fianaise in idirghabháil, i mbreithniú agus i mbinsí.

Idirghabháil

Seirbhís réitigh díospóidí saor in aisce is ea idirghabháil.  Oibríonn an dá pháirtí i gcomhar leis an idirghabhálaí chun teacht ar réiteach ar an díospóid.

Ní bhíonn idirghabháil bunaithe ar fhianaise. Mar sin féin, féadfaidh ceachtar páirtí aon doiciméid tacaíochta a mheasann siad a bheith ábhartha don chás a chur isteach. Ní chomhroinntear an fhianaise sin leis an bpáirtí eile.

Más rud é nach féidir an díospóid a réiteach trí idirghabháil agus go dtéann sí ar aghaidh chuig binse, déantar an fhianaise a cuireadh isteach ag an idirghabháil a chomhroinnt le gach duine lena mbaineann.

Breithnithe agus binsí

Bíonn breithnithe agus binsí araon dírithe ar an bhfianaise.  Féadfaidh gach páirtí fianaise a chur isteach chun tacú lena gcás.

Déanann an cinnteoir neamhspleách measúnú ar an bhfianaise chun cinneadh a dhéanamh ar conas an díospóid a réiteach.

I gcás iarratas ó thríú páirtí (mar shampla, iarratas ó chomharsa), tionscnaítear an cás in aghaidh an tiarna talún. Cuirtear na tionóntaí ar an eolas faoin gcás agus faigheann siad cóipeanna den fhianaise ar fad a cuireadh isteach.

Cineálacha fianaise le cur isteach

Níor cheart duit ach fianaise a thacaíonn le do chás a chur isteach. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • Cumarsáidí idir na daoine sa díospóid, lena n-áirítear ríomhphoist, litreacha agus teachtaireachtaí téacs
  • Ráitis bhainc
  • Billí fóntais, admhálacha agus sonraisc
  • Fianaise fhótagrafach nó físe
  • Comhaontuithe ligin nó cóip den léas
  • Ráitis ó fhinnéithe

Cineálacha molta fianaise le haghaidh cásanna díospóide

Seo iad roinnt cineálacha fianaise is féidir leat a chur isteach, ag brath ar an díospóid. Is treoir é an liosta seo. Féadfaidh tú fianaise ábhartha eile a bhaineann le do chás a chur isteach.

Cás lena mbaineann coinneáil éarlaise

  • Comhaontú ligin
  • Fianaise ar éarlais nó cíos a íoc
  • Tuairisc ar an bhfardal agus ar an mbail i dtús na tionóntachta agus ag deireadh na tionóntachta
  • Ráitis ó fhinnéithe
  • Ráitis bhainc
  • Fianaise fhótagrafach
  • Billí fóntais gan íoc
  • Sonraisc a bhaineann le glantachán nó le hathmhaisiú

Cás lena mbaineann fógra foirceanta, róshealbhú, agus riaráiste cíosa agus róshealbhú

  • Comhaontuithe ligin
  • Fógraí rabhaidh mar gheall ar neamhíoc cíosa
  • Fógraí faoi fhoirceannadh, agus cruthúnas ar sheirbheáil (más ann)
  • Ráitis bhainc
  • Fáltais
  • Comhfhreagras idir na páirtithe a bhfuil baint acu leis an gcás

Cás lena mbaineann athbhreithniú cíosa

  • Comhaontuithe ligin
  • Fógraí faoi mhéaduithe cíosa
  • Tuairisc innéacs cíosa – féach sonraí RTB
  • Faisnéis faoi chíosanna do mhaoine atá cosúil ó thaobh méide, cineáil, carachtair agus suímh de

Cás lena mbaineann caighdeán agus cothabháil na maoine

  • Comhaontú ligin
  • Comhfhreagras idir na páirtithe a bhfuil baint acu leis an díospóid
  • Fianaise fhótagrafach
  • Sonraisc nó admhálacha a bhaineann le deisiúcháin nó le hoibreacha

Cás lena mbaineann iompraíocht fhrithshóisialta

  • Fianaise fhótagrafach
  • Loga imeachtaí
  • Tuairiscí ón nGarda Síochána
  • Ráitis ó fhinnéithe
  • I gcás iarratais ó thríú páirtithe (mar shampla, iarratais ó chomharsa): cuir fianaise ar fáil á léiriú go bhfuil an tiarna talún ar an eolas faoi iompraíocht fhrithshóisialta an tionónta.

Sonraí pearsanta i do chuid fianaise a chosaint

Cad is sonraí pearsanta ann?

Is é is sonraí pearsanta ann faisnéis phríobháideach is féidir a úsáid chun duine éigin a shainaithint. Is féidir go n-áireofar leis an bhfaisnéis sin ainm, seoladh, uimhir fóin, seoladh ríomhphoist, nó mionsonraí cuntais bainc an duine.

Áirítear léi freisin físeáin neamhúdaraithe de dhaoine a bhfuil baint acu le díospóid.

Chun sonraí pearsanta a chosaint, déan dúch dubh a chur ar na sonraí pearsanta agus an fhaisnéis rúnda ar fad i do chuid fianaise nó déan iad a cheilt. Nílimid freagrach as dúch dubh a chur aon sonraí pearsanta.

Conas do chuid fianaise a chur in ord

Cuir an fhianaise ar fad le chéile ar bhealach a dtuigfeadh duine nach bhfuil eolach ar an gcás.

  • Má bhíonn go leor doiciméad agat, cuir in ord iad de réir dáta
  • Cuir uimhreacha leis na leathanaigh
  • Grúpáil aon fhianaise agus doiciméid ábhartha le chéile
  • Scríobh nóta cumhdaigh ina liostaítear gach rud atá ar áireamh

Cén uair agus conas do chuid fianaise a chur isteach

Cuir do chuid fianaise isteach tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí

Nuair a bheidh do chás sceidealaithe, cruthóimid tasc uaslódála fianaise duit.

Gheobhaidh tú ríomhphost á rá go gcaithfidh tú do chuid fianaise a uaslódáil. Is féidir leat é sin a dhéanamh go dtí 5 lá oibre roimh d’éisteacht.

Is féidir leat an tasc uaslódála fianaise a aimsiú i do chuntas freisin:

  • Roghnaigh an cás díospóide ar gá duit fianaise a uaslódáil ina leith, agus téigh chuig an réimse ‘My Tasks’ sa chás sin.
  • Faoin téacs, feicfidh tú bosca ‘Upload documents’.
  • Roghnaigh deilbhín an fháiscín páipéir chun do chuid iatán a chur leis.
  • Is féidir leat roinnt doiciméad a chur leis anois, agus ansin teacht ar ais tráth níos déanaí chun tuilleadh doiciméad a chur leis.
  • Ná cliceáil an bosca ‘Complete’ go dtí go mbeidh na doiciméid uile is gá uaslódáilte agat.

Déanfar gach doiciméad a uaslódálann tú a chur le cáschomhad a chomhroinntear leis an idirghabhálaí, leis an mbreithneoir nó leis an bpainéal binse agus leis na páirtithe eile sa chás (i gcás cásanna breithnithe nó binse agus ina gcás sin amháin).

Cuir do chuid fianaise isteach trí ríomhphost

Chun do chuid fianaise a chur isteach trí ríomhphost:

  • Ní mór duit an fhianaise ar fad a sheoladh 5 lá oibre ar a laghad roimh an éisteacht.
  • Sábháil na comhaid fianaise ar do ríomhaire.
  • Déan dúch dubh a chur ar aon sonraí pearsanta agus aon fhaisnéis rúnda nach mbaineann leis an gcás (mar shampla, mionsonraí bainc) nó déan iad a cheilt.
  • Cuir uimhir thagartha an cháis isteach i líne ábhair an ríomhphoist.
  • Seol an fhianaise trí ríomhphost chuig disputes@rtb.ie

Cuir do chuid fianaise isteach tríd an bpost

Más rud é go bhfuil tú ag cur fianaise isteach tríd an bpost, ní mór í a bheith faighte againn 5 lá ar a laghad roimh dháta d’éisteachta. Tugann sé sin am dúinn chun na doiciméid a phróiseáil.

  • Déan dúch dubh a chur ar aon sonraí pearsanta agus aon fhaisnéis rúnda nach mbaineann leis an gcás (mar shampla, mionsonraí bainc) nó déan iad a cheilt.
  • Luaigh uimhir thagartha an cháis.
  • Cuir isteach do chuid fianaise ar fad in aon bhaisc amháin tríd an bpost: An Rannóg um Réiteach Díospóidí, An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí.

Cad a tharlaíonn don fhianaise a chuirtear faoi bhráid RTB?

Déanaimid na doiciméid uile a chuirtear isteach a scanadh agus a chartlannú.

Ná seol chugainn cóipeanna bunaidh d’aon doiciméid chugainn. Ní sheolfar ar ais iad.  Mar sin féin, tá sé tábhachtach go dtabharfá na doiciméid bhunaidh leat chuig an éisteacht ar eagla go mbeadh orainn a sheiceáil an bhfuil siad barántúil nó nach bhfuil.

Tá an ceart againn chun dúch dubh a chur ar shonraí pearsanta má bhíonn ceist ann faoina n-ábharthacht nó faoi chosaint chearta agus shaoirsí an duine.

Is le haghaidh na héisteachta amháin atá aon ábhair scaipthe agus ní féidir iad a úsáid ar aon chúis eile.

Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon cheisteanna agat:

Cuir glao ar 0818 30 30 37 nó 01 7028100

Seol ríomhphost chuig disputes@rtb.ie