Treoir maidir le binsí - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Treoir maidir le binsí

Má tá tú páirteach in idirghabháil nó in éisteacht breithnithe agus má mheasann tú go bhfuil an cinneadh mícheart nó nach bhfuil sé i gcomhréir leis an dlí, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig binse. Is athéisteacht iomlán ar fhíorais do dhíospóide tionóntachta í. Is féidir leat aon fhianaise bhreise atá ábhartha do do chás a chur i láthair. Faigh amach conas achomharc a dhéanamh chuig binse agus conas ullmhú do d’éisteacht

Cad is binse ann?

Is athéisteacht iomlán ar na fíorais ábhartha uile i ndíospóid é binse de chuid an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB). Féadfaidh ceachtar páirtí binse a iarraidh tar éis don díospóid a bheith faoi réir idirghabhála nó faoi réir éisteacht breithnithe.

  • Is ionann costas na seirbhíse sin agus €30 tar éis idirghabhála nó €85 tar éis breithnithe.
  • Cuirtear an cás iomlán i láthair an athuair. Féadfaidh ceachtar páirtí fianaise bhreise a chur isteach roimh an éisteacht.
  • Is í seo an chéim dheiridh den phróiseas réitigh díospóide.
  • Ní gá duit ionadaíocht dhlíthiúil ó aturnae ná ó abhcóide a bheith agat.

Sa bhliain 2024, ba í 15 seachtaine an mheántréimhse ama a tógadh chun cás binse a réiteach.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar bhinse?

Féadfaidh na páirtithe bunaidh a bhfuil baint dhíreach acu leis an díospóid iarratas a dhéanamh ar bhinse. Is iad sin:

  • An t-iarratasóir: an duine a rinne iarratas ar idirghabháil nó ar bhreithniú ar dtús.
  • An freagróir: an páirtí eile sa díospóid.

Conas a oibríonn binse

Bíonn éisteachtaí binse ar siúl ó Luan go hAoine ag 10.30am agus ag 2.30pm.

  • Gheobhaidh an dá pháirtí dáta agus am le haghaidh na héisteachta binse. Gheobhaidh tú fógra 21 lá ar a laghad roimh an éisteacht.
  • Cuirtear formhór na n-éisteachtaí ar siúl go cianda trí fhísghlao. Gheobhaidh tú nasc trí do chuntas leis an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB, trí ríomhphost nó tríd an bpost.
  • Eagraítear éisteachtaí pearsanta nuair is gá.
  • Éisteann triúr comhaltaí den bhinse an cás. Gníomhaíonn duine amháin díobh mar chathaoirleach.
  • Maireann éisteachtaí 1.5 uair an chloig ar a mhéad.
  • Tá ateangaire nó aistritheoir ar fáil. Cuir in iúl dúinn nuair a dhéanann tú iarratas go dteastaíonn ateangaire nó aistritheoir uait.

Tréimhsí fógra

  • Go n-iarrann páirtí amháin tréimhse fógra níos giorra, agus go gcomhaontaíonn an páirtí eile leis sin.
  • Go mbaineann an díospóid le hiompraíocht líomhnaithe páirtí amháin a chuireann beatha nó sábháilteacht duine i mbaol, nó a d’fhéadfadh damáiste tromchúiseach a dhéanamh don mhaoin.
  • Go ndeir páirtí amháin nó níos mó go bhfuil cruatan airgeadais nó cruatan eile ann.

Chun tréimhse fógra níos giorra a iarraidh, cuir an méid sin in iúl dúinn a luaithe is féidir.

Cad a tharlóidh má bhíonn orm an dáta nó an t-am a athrú?

Ní fhéadfaidh tú a iarraidh go n-athrófaí dáta nó am (atráth) d’éisteachta binse ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Ní mheastar oibleagáidí oibre nó coláiste a bheith ina gcúiseanna bailí. Chun atráth a iarraidh:

  • Seol d’iarraidh i scríbhinn
  • Tabhair cruthúnas chun tacú le d’iarraidh

Déanfaidh comhaltaí den phainéal binse cinneadh ar cé acu a cheadófar atráth nó nach gceadófar.

Mura féidir leat freastal ar an éisteacht, féadfaidh tú duine eile a ainmniú nó ráiteas i scríbhinn a chur isteach. Mura bhfreastalaíonn tú ar an éisteacht gan fógra a thabhairt, glacfaidh an binse leis go bhfuil an t-iarratas tarraingthe siar agat. Déanfaidh RTB Ordú Cinnidh ansin ar bhonn an chomhaontaithe idirghabhála roimhe nó ar bhonn an chinnidh ón mbreithneoir. Más rud é go ndearna an páirtí eile sa díospóid achomharc chuig an mbinse, rachaidh cás an pháirtí sin ar aghaidh.

Cé na daoine ar cheart dóibh freastal ar éisteacht binse?

Más rud é go ndearna tú iarratas ar an mbinse, ní mór duit freastal ar an éisteacht nó ionadaí a sheoladh. Bíonn éisteachtaí binse neamhfhoirmiúil.

Is féidir leat duine a thabhairt leat, mar shampla ball teaghlaigh nó cara. Is féidir leat aturnae nó gairmí eile a thabhairt leat freisin. Cuir in iúl don bhinse roimh an éisteacht cá mhéad duine a bheidh i láthair.

Má theastaíonn aistritheoir uait, cuir an méid sin in iúl dúinn roimh ré.

An gá dom ionadaíocht dhlíthiúil a bheith agam?

Ní gá duit ionadaíocht dhlíthiúil ó aturnae ná ó abhcóide a bheith agat de ghnáth. Rogha nach bhfuil chomh foirmiúil céanna, atá ar chostas íseal agus atá tar éis teacht in ionad na gcúirteanna i gcás díospóidí tionóntachta is ea ár Seirbhís um Réiteach Díospóidí.

Má tá sé beartaithe agat ionadaí dlíthiúil a bheith agat, cuir an méid sin in iúl dúinn laistigh de 7 lá ó dháta d’éisteachta a fháil. Ní dhámhfaidh an binse costas ionadaíochta dlíthiúla ach amháin in imthosca eisceachtúla agus le toiliú ó Bhord RTB.

An bhféadfaidh mé finnéithe a thabhairt liom chuig an éisteacht binse?

Féadfaidh tú finnéithe a thabhairt leat chuig an éisteacht. Má theastaíonn uait go gcuirfear toghairm ar fhinné, cuir ceist ar RTB 10 lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Déanfaidh an painéal binse an iarraidh a athbhreithniú. Má cheadaítear an iarraidh, eiseoidh an painéal binse subpoena (toghairm nó ordú) lena n-ordófar don fhinné freastal ar an éisteacht agus fianaise a thabhairt.

Féadfaidh an binse a chinneadh gur cheart caiteachais an fhinné a aisíoc leis nó léi. Tá ag finnéithe na cearta céanna agus atá ag finnéithe san Ard-Chúirt.

Bheith mar fhinné – citizensinformation.ie

Conas iarratas a dhéanamh ar bhinse

Déan iarratas ar líne tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB.

Mura féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh, is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil agus a chomhlánú.

Seol d’fhoirm iarratais mar aon leis an táille cheart:

  • Trí ríomhphost chuig tribunals@rtb.ie
  • Tríd an bPost: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí

Is féidir leat an táille a íoc trí sheic, ordú poist, dréacht bainc, cárta dochair nó cárta creidmheasa a úsáid. Ní mór duit an t-iarratas a chur isteach laistigh de na tréimhsí ama dochta thíos tar éis idirghabhála nó breithnithe.

Diúltófar d’iarratais dhéanacha. Má dhiúltaítear do d’iarratas, beidh an tOrdú Cinnidh ón éisteacht breithnithe ina cheangal dlí.

Achomharc a dhéanamh in aghaidh idirghabhála Achomharc a dhéanamh in aghaidh breithnithe
Foirm iarratais Foirm iarratais binse – achomharc in aghaidh idirghabhála Foirm iarratais binse – achomharc in aghaidh breithnithe
Spriocdháta Laistigh de 10 lá féilire ón dáta a thángthas ar an gcomhaontú idirghabhála. Nó ón dáta a chríochnaíonn idirghabháil. Áirítear leis sin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc. Laistigh de 10 lá oibre ón Tuairisc Breithnithe a fháil. Gan an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc a áireamh.
Spriocdháta Táille €30 €85

An bhféadfaidh mé m’achomharc a tharraingt siar?

Féadfaidh tú d’achomharc a tharraingt siar tráth ar bith sula ndéanfaidh an binse cinneadh ar an gcás. Cuir an méid sin in iúl dúinn a luaithe is féidir. Má tharraingíonn tú d’achomharc siar le linn na héisteachta, ní mór don phainéal binse a fhiafraí an bhfuil agóid ag an bpáirtí eile in aghaidh na tarraingthe siar nó nach bhfuil.

Má tá agóid ag an bpáirtí eile in aghaidh na tarraingthe siar, tiocfaidh an binse le chéile chun a chinneadh an gá duit aon chuid de chostais an pháirtí eile a chlúdach nó nach gá.

Mura bhfuil aon agóid ag an bpáirtí eile in aghaidh na tarraingthe siar, déanfar Ordú Cinnidh a bheidh ina cheangal dlí ar bhonn an toraidh ar an idirghabháil nó ar an mbreithniú ar an díospóid.

An bhféadfaidh mé socrú a dhéanamh leis an bpáirtí eile?

Féadfaidh tú teacht ar chomhaontú tráth ar bith. Má tharlaíonn sé sin, ní mór don iarratasóir a rá linn gur mhaith leis nó léi an cás a tharraingt siar.

Conas ullmhú do bhinse

Ba cheart do gach páirtí a bhfuil baint acu leis an mbinse fianaise a chur isteach chun a gcás a chruthú.

Déanann an painéal binse cinneadh ar réiteach na díospóide ar bhonn na fianaise atá curtha ar fáil agus ar bhonn an dlí.

Comhroinntear aon fhianaise atá curtha isteach leis na páirtithe uile lena mbaineann, lena n-ionadaithe agus leis an bpainéal binse.

Léigh an treoir maidir le fianaise chun cabhrú leat ullmhú.

Cad a tharlaíonn le linn éisteacht binse

Freastalaíonn na páirtithe uile le chéile. Beidh triúr ar an bpainéal binse. Beidh duine amháin ar an gcathaoirleach agus beidh beirt ina gcomhaltaí den phainéal. Bainisteoidh an cathaoirleach an éisteacht agus tabharfaidh sé nó sí deis do gach páirtí a gcás a mhíniú trí úsáid a bhaint as fianaise a comhroinneadh.

De ghnáth, maireann an éisteacht binse idir 1 uair an chloig agus 2 uair an chloig. Braitheann sé ar cé chomh casta agus atá an díospóid. Coinnigh an lá sin saor i do dhialann.

Féadfaidh gach páirtí a bhfianaise a chur i láthair an bhinse agus an páirtí eile a chroscheistiú.

Éisteachtaí fíorúla

A luaithe a chliceálann tú an nasc, téann tú isteach sa chruinniú. Rachaidh tú isteach i seomra feithimh. Ligfidh cathaoirleach an bhinse daoine isteach agus déanfaidh sé nó sí a gcéannacht a sheiceáil. Ar chúiseanna slándála agus príobháideachta, ní fhéadfaidh ach na daoine a deimhníodh roimh ré páirt a ghlacadh ann.

Sábháilteacht ar líne

Ar mhaithe le do shábháilteacht phearsanta:

  • Le linn an chruinnithe, ní thaispeánfar ach d’ainm.
  • Ní cheadaítear éisteachtaí fíorúla a thaifeadadh faoi aon imthosca.
  • Smaoinigh ar an áit a mbeidh tú don éisteacht agus ar cad is féidir le daoine a fheiceáil ar an gceamara. Más gá, déan do chúlra a dhoiléiriú sna socruithe físghlao.
  • Má ghlacann tú páirt san éisteacht ar an bhfón, folaigh d’aitheantas glaoiteora. Mura ndéanann tú amhlaidh, is féidir go mbeidh cuid de d’uimhir fóin le feiceáil (roinnt digití agus réiltíní).

Tá measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag RTB ar éisteachtaí fíorúla. Faigh tuilleadh faisnéise faoi conas a chosnaímid do shonraí.

Éisteachtaí pearsanta

Uaireanta, cuirtear éisteachtaí ar siúl go pearsanta. Tarlaíonn na héisteachtaí sin in ionad atá suite laistigh d’achar réasúnach ón maoin ar cíos atá i gceist sa díospóid. Freastalaíonn na páirtithe uile ar an éisteacht le chéile.

Cuirtear éisteachtaí pearsanta ar siúl i gCathair Bhaile Átha Cliath (oifig RTB), i gCathair Chorcaí, i gCathair na Gaillimhe, i gCathair Luimnigh, i mBaile Shligigh, i mBaile Átha Luain agus i mBaile Loch Garman.

Torthaí tar éis éisteacht binse

Déanfaidh an painéal binse cinneadh ar an toradh in Ordú Cinnidh agus cuirfidh sé tuarascáil isteach. Áireofar leis an tuarascáil forbhreathnú ar an éisteacht, an cinneadh ón bpainéal agus na cúiseanna le gach cinneadh.

Is doiciméad atá ina cheangal dlí é an tOrdú Cinnidh. Déanann RTB athbhreithniú ar an dá dhoiciméad agus eisíonn sé chuig na páirtithe uile iad ag an aon am amháin. De ghnáth, tógann sé sin idir 4 seachtaine agus 6 seachtaine tar éis na héisteachta.

Tá an cinneadh ón mbinse ar dhíospóid ina cheangal. Ní fhéadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh ach amháin má tá siad den tuairim go bhfuil an cinneadh mícheart agus nach gcloíonn sé leis an dlí. Ní mór achomharc chuig an Ard-Chúirt a dhéanamh laistigh de 21 lá féilire.

Déantar tuarascálacha binse agus Orduithe Cinnidh a thagann as éisteachtaí binse a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Bain úsáid as na scagairí chun cuardach le haghaidh torthaí agus Orduithe Cinnidh roimhe seo le haghaidh binsí.

Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon cheisteanna agat, má theastaíonn uait do mhionsonraí a athrú chun dáta nó más mian leat freastal ar éisteacht binse mar bhreathnóir:

Cuir glao ar 0818 30 30 37 nó 01 7028100

Seol ríomhphost chuig tribunals@rtb.ie