Díospóidí comharsanacha - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Díospóidí comharsanacha

Is é is tríú páirtí ann ná duine seachas tionónta, tiarna talún nó gníomhaire agus níl baint dhíreach aige nó aici leis an tionóntacht. Mar shampla, comharsa a ndéanann iompraíocht tionónta difear dó nó di.

Freagrachtaí tiarnaí talún agus iompraíocht fhrithshóisialta tionóntaí

Ní mór do thiarnaí talún a chinntiú go gcloíonn tionóntaí le rialacha comhaontaithe tionóntachta, go háirithe má dhéanann siad difear do chomharsana (mar shampla, iompraíocht fhrithshóisialta). Mura gcinntíonn tiarna talún go gcloíonn tionónta leis na rialacha, féadfaidh an chomharsa nó tríú páirtí cás a thionscnamh in aghaidh an tiarna talún trí RTB.

Féadfar a ordú do thiarnaí talún íocaíochtaí móra a dhéanamh le comharsana as an gciapadh a cuireadh orthu.

Má dhéanann an chomharsa lena mbaineann teagmháil leis an tiarna talún faoi iompraíocht fhrithshóisialta, féadfaidh an tiarna talún litir a sheoladh chuig an tionónta. Sa litir sin, ordaítear don tionónta gan iompar ar bhealach frithshóisialta ar an maoin nó in aice láimhe.

Déan gearáin faoi ghníomhaíocht fhrithshóisialta nó choiriúil thromchúiseach a thuairisciú don Gharda Síochána.

Roimh dhíospóid a thabhairt chuig RTB

Sonraítear sa dlí nach mór do chomharsana nó do thríú páirtithe a bhfuil fadhb acu le tionónta iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach leis an tiarna talún ar dtús.

Ní mór duit an tiarna talún a chur ar an eolas faoi na fadhbanna lena thionónta nó lena tionónta agus deis a thabhairt dó nó di na fadhbanna a réiteach sula dtugann tú díospóid leat chuig RTB.

Mura bhfuil mionsonraí teagmhála an tiarna talún agat, tá seans ann go mbeidh RTB in ann iad a thabhairt duit a luaithe a bheidh an tionóntacht cláraithe.

Féadfaidh tú mionsonraí teagmhála an tiarna talún a iarraidh tríd an bhfoirm seo a chomhlánú agus í a sheoladh chuig RTB.

Seirbhísí réitigh díospóidí lena mbaineann comharsa nó tríú páirtí

Mura féidir leat an fhadhb a réiteach go díreach leis an tiarna talún, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar idirghabháil nó ar bhreithniú.

Ní mór an tiarna talún a chur ar an eolas sula ndéantar athbhreithniú ar an gcás. Caitear leis an tionónta mar ‘Pháirtí fógra’ agus cuirtear ar an eolas é nó í faoin gcás. Gheobhaidh sé nó sí cóip den fhaisnéis faoin gcás agus d’aon fhianaise a cuireadh isteach. Féadfaidh sé nó sí freastal ar an éisteacht más mian leis nó léi déanamh amhlaidh. Níl aon cheart aige nó aici chun achomharc a dhéanamh in aghaidh thorthaí an cháis.

Ní mór duit na bearta a rinneadh chun an díospóid a réiteach a mhíniú. Luaigh aon teagmháil a bhí agat leis an tionónta agus/nó leis an tiarna talún.

Ba cheart duit aon fhianaise ar a nós seo a leanas a áireamh:

  • Loga taifead d’aon imeachtaí (dátaí agus amanna ag ar tharla rudaí)
  • Grianghraif
  • Ráitis ó fhinnéithe
  • Tuairiscí ón nGarda Síochána (má bhaineann)
  • Fianaise gur cuireadh an tiarna talún ar an eolas faoi iompraíocht fhrithshóisialta an tionónta.

Léigh treoir maidir le fianaise chun cabhrú leat ullmhú.