Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath
Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.
Tionónachtaí a chlárú
Tá faisnéis sa rannán seo faoi chláruithe tionóntachtaí, lena n-áirítear cé hiad na daoine ar cheart dóibh tionóntacht a chlárú, agus conas agus cathain ba cheart tionóntacht a chlárú.
Achoimre
Ceanglaítear le dlí tionóntacht a chlárú. Ní mór do thiarnaí talún tionóntachtaí cónaithe a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) i dtús na tionóntachta agus gach bliain ina dhiaidh sin.
Úsáideann RTB an fhaisnéis sin chun clár poiblí tionóntachtaí a choinneáil.
Tá sé simplí tionóntacht a chlárú trí chuntas clárúcháin tionóntachta ar líne RTB a úsáid.
A bhuí le clárú, is féidir le tionóntaí agus le tiarnaí talún rochtain a fháil ar sheirbhísí éagsúla ó RTB, lena n-áirítear réiteach díospóidí.