Iarmhairtí gan clárú a dhéanamh - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Na hiarmhairtí a bheidh ag mainneachtain clárú a dhéanamh

De réir dlí, ní mór duit do thionóntacht a chlárú ar bhonn bliantúil. Mura gcláraíonn tú tionóntacht ba cheart a chlárú, is féidir go bhforchuirfear pionóis thromchúiseacha ort, lena n-áirítear fíneálacha agus caingean dlí.

Pionóis as mainneachtain tionóntacht a chlárú

Faoin dlí cíosa, tá cumhachtaí suntasacha againn chun dul i ndiaidh tiarnaí talún neamhchláraithe. Mura gcláraíonn tú tionóntacht, féadfaimid pionós a fhorchur ort ar dhá bhealach éagsúla:

Rogha 1: Ionchúiseamh coiriúil

  • Ciontú coiriúil.
  • Fíneálacha suas le €4,000.
  • Téarma príosúnachta suas le 6 mhí.
  • Pionóis bhreise €250 in aghaidh gach lae a fhanann an tionóntacht gan a bheith cláraithe.
  • Ordú chun costais dlí RTB a íoc.

Rogha 2: Imscrúdú agus smachtbhanna sibhialta

Is féidir go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as sin:

  • Smachtbhanna suas le €15,000 agus costais suas le €15,000 i leith gach tionóntachta neamhchláraithe.

Cad ba cheart duit a dhéanamh má fhaigheann tú Fógra Forfheidhmiúcháin Clárúcháin

Má fhaigheann tú Fógra Forfheidhmiúcháin Clárúcháin, tóg na céimeanna seo a leanas:

  1. Léigh an fógra: Aimsigh an uimhir thagartha ag barr an fhógra nó na litreach aturnae. Tá an uimhir sin tábhachtach le haghaidh cumarsáide.
  2. Cláraigh do thionóntacht: Cuir isteach iarratas chun an tionóntacht a chlárú. Tabhair cuairt ar ár leathanach ‘Conas clárú a dhéanamh’ le haghaidh treoracha mionsonraithe agus treoir físe maidir le conas do thionóntacht a chlárú. Beidh ort táillí déanacha a íoc. Méadaíonn na táillí sin de réir gach míosa atá an clárú déanach.
  3. Deimhnigh do chlárú: A luaithe a fhaigheann tú d’uimhir chlárúcháin, déan teagmháil leis an rannóg um Fhorfheidhmiú Clárúcháin chun a dheimhniú go bhfuil do thionóntacht cláraithe agus chun deireadh a chur le haon chaingean dlí eile. Deimhnigh le ríomhphost chuig enforcement@rtb.ie.

Conas tionóntacht neamhchláraithe a thuairisciú

Má tá tú ar an eolas faoi thionóntacht neamhchláraithe, is féidir leat í a thuairisciú dúinn:

  • Trí fhoirm Ghréasáin: comhlánaigh an fhoirm.
  • Thar an teileafón: ar 0818-303038. Fág glórphost agus glaofaimid ar ais ort.

Tuilleadh faisnéise

Tabhair cuairt ar ár leathanach ‘Cé hiad na daoine ar cheart dóibh clárú?’ le haghaidh tuilleadh mionsonraí faoi cheanglais chlárúcháin agus faoi cé a chaithfidh clárú.