Cathain nach mór tionóntacht a chlárú?
Ní mór duit gach tionóntacht a chlárú:
- Nuair a thosaíonn tionóntacht nua: cláraigh an tionóntacht laistigh de mhí amháin ó dháta tosaithe na tionóntachta.
- Gach bliain: cláraigh an tionóntacht ar chomóradh lae dháta tosaithe na tionóntachta.
Ní mór duit an clárú tionóntachta a nuashonrú freisin nuair atá athrú tagtha ar an gcíos nó ar mhionsonraí eile tionóntachta. Mar shampla, i gcás go mbeidh athrú tagtha ar roinnt tionóntaí ach go mbeidh duine amháin ar a laghad de na tionóntaí bunaidh ag fanacht.
Is féidir leat treoracha mionsonraithe a fháil faoi conas tionóntacht nua a chlárú, faoi conas tionóntacht i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn a chlárú, faoi conas do chlárú bliantúil a chomhlánú, nó faoi conas clárú a nuashonrú.
Athraíodh na dlíthe maidir le clárú bliantúil an 4 Aibreán 2022.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh faoin gcóras clárúcháin a bhí i bhfeidhm roimh an dáta sin in ‘An dlí maidir le clárú’ thíos.