Conas cuntas clárúcháin a chruthú - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Conas cuntas clárúcháin a chruthú

Ní mór do thiarnaí talún a dtionóntachtaí a chlárú de réir dlí. Is é an bealach is éasca chun é sin a dhéanamh ná trí thairseach an Chuntais Clárúcháin Tionóntachta. Mínítear ar an leathanach seo conas cuntas clárúcháin a chruthú bunaithe ar do ról.

Tiarnaí talún aonair agus gníomhairí aonair

Na rudaí a theastaíonn uait

Teastóidh na mionsonraí seo a leanas uait:

  • Ainm iomlán: mar atá sonraithe ar do chárta Uimhreach Pearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó ar do dhoiciméad aitheantais oifigiúil.
  • UPSP agus dáta breithe: mura bhfuil UPSP agat, tabhair doiciméad aitheantais bailí (pas, ceadúnas tiomána, nó cárta aitheantais náisiúnta) agus bille fóntais lena ndeimhnítear do sheoladh lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.
  • Seoladh ríomhphoist: a úsáidtear chun do chuntas a rochtain.

Conas do chuntas a chruthú

Lean na céimeanna thíos:

Céim 1: Bunaigh do chuntas

Téigh chuig: ‘Create an Individual Account’ agus iontráil do mhionsonraí

Socraigh pasfhocal ina bhfuil 8 gcarachtar ar a laghad, lena n-áirítear litir sa chás uachtair, litir sa chás íochtair, uimhir agus carachtar speisialta (! @ # $ & ; * -).

Céim 2: Fíorú ríomhphoist

Seiceáil do ríomhphoist le haghaidh nasc fíoraithe (a bheidh bailí ar feadh 2 uair an chloig).

Cliceáil ar an nasc agus lean na treoracha chun mionsonraí breise a iontráil chun do chuntas a chruthú.

Fíoraigh do chéannacht:

  • Trí UPSP: iontráil do UPSP agus do dháta breithe.
  • Gan UPSP: uaslódáil doiciméad aitheantais bailí agus bille fóntais. Nuair a bheidh do chéannacht fíoraithe, gheobhaidh tú Aitheantóir NNL (Tiarna Talún Neamhnáisiúnta) uathúil sa rannán ‘Edit Profile’ de do chuntas ar líne le RTB.

Céim 3: Cruthaigh próifíl

  • Mionsonraí an tiarna talún: Iontráil d’uimhir fóin agus do sheoladh (lena n-áirítear seoladh comhfhreagrais, más éagsúil).
  • Roghnaigh do ról: roghnaigh ról amháin ar a laghad, is féidir leat níos mó ról a chur leis tráth níos déanaí.
  • Deimhnigh do mhionsonraí: tríd an dearbhú a chomhlánú.

Céim 4: Fíordheimhniú

Fíorú cuntais: Fíoróimid do chuntas agus seolfaimid nasc chugat chun é a rochtain.

  • Trí UPSP: Tógann fíorú suas le 2 uair an chloig.
  • Gan UPSP: Tógann fíorú doiciméad suas le 2 lá oibre.

Déanfaimid teagmháil leat mura bhfuilimid in ann do chuntas a fhíorú. Ní féidir leat tionóntachtaí a chlárú go dtí go mbeidh do chuntas fíoraithe.

Céim 5: Cuntas cruthaithe

Nuair a bheidh sé fíoraithe, is féidir leat do chuntas clárúcháin nua a rochtain. Is féidir leat anois tionóntachtaí a chlárú agus a bhainistiú ó leathanach baile do chuntais.

Tiarnaí talún cuideachta agus gníomhairí cuideachta

Na rudaí a theastaíonn uait

Teastóidh na mionsonraí seo a leanas uait:

  • Ainm iomlán: an duine atá ag bainistiú an chuntais.
  • Uimhir leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO): de chuid na cuideachta.
  • Seoladh ríomhphoist: a úsáidtear chun cuntas do chuideachta a rochtain.

Más rud é go bhfuil ainm gnó nó trádála agat atá cláraithe le CRO ach nach bhfuil tú cláraithe mar chuideachta a bhfuil eintiteas dlíthiúil leithleach aici, ní mór duit cuntas a chruthú mar dhuine aonair.

Conas cuntas do chuideachta a chruthú

Lean na céimeanna thíos:

Céim 1: Bunaigh do chuntas

Téigh chuig: Cruthaigh Cuntas Cuideachta agus iontráil do mhionsonraí.

Socraigh pasfhocal ina bhfuil 8 gcarachtar ar a laghad, lena n-áirítear litir sa chás uachtair, litir sa chás íochtair, uimhir agus carachtar speisialta (! @ # $ & ; * -).

Céim 2: Fíorú ríomhphoist

Seiceáil do ríomhphoist le haghaidh nasc fíoraithe (a bheidh bailí ar feadh 2 uair an chloig).

Cliceáil ar an nasc agus lean na treoracha chun mionsonraí breise a iontráil chun do chuntas a chruthú.

Mionsonraí na cuideachta
  • Roghnaigh d’uimhir le CRO ó réimse cuardaigh CRO.
  • Mura bhfuil sí liostaithe, déan teagmháil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí ag www.cro.ie.
  • Mura bhfuil uimhir le CRO agat, uaslódáil doiciméid tacaíochta lena bhfíorú. Sannfaimid aitheantóir uathúil nach aitheantóir CRO é a luaithe a bheidh do dhoiciméid tacaíochta ceadaithe againn. Is féidir leat é sin a fháil sa rannán ‘Edit Company Profile’ de do chuntas.

Céim 3: Roghnaigh do ról

  • Roghnaigh ról amháin ar a laghad agus tú ag cruthú do chuntais. Is féidir leat róil úsáideora a chur leis nó a bhaint tráth níos déanaí.

Céim 4: Deimhniú

  • Deimhnigh mionsonraí do chuideachta tríd an dearbhú a chomhlánú.

Céim 5: Fíorú CRO agus cuntas cruthaithe

  • Fíoróimid mionsonraí do chuideachta agus seolfaimid PIN tríd an bpost (i gcás cuideachtaí atá cláraithe le CRO) nó le ríomhphost (i gcás cuideachtaí nach bhfuil cláraithe le CRO).
  • Is féidir go dtógfaidh fíorú suas le 5 lá oibre.

Déanfaimid teagmháil leat mura bhfuilimid in ann do chuntas a fhíorú. Ní féidir leat tionóntachtaí a chlárú go dtí go mbeidh do chuntas fíoraithe.

Céim 6: Cuntas cruthaithe

Nuair a bheidh sé fíoraithe, is féidir leat do chuntas clárúcháin cuideachta nua a rochtain. Is féidir leat anois tionóntachtaí a chlárú agus a bhainistiú ó leathanach baile do chuntais. Beidh ort an PIN fíoraithe agus seoladh comhfhreagrais na cuideachta araon a iontráil.

Glacadóirí

Na rudaí a theastaíonn uait

Teastóidh na mionsonraí seo a leanas uait:

  • Ainm iomlán.
  • Doiciméad a bhfuil ceann litreach na cuideachta aige agus lena ndeimhnítear do ról mar ghlacadóir.
  • An seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun do chuntas a rochtain.

Conas do chuntas a chruthú

Lean na céimeanna thíos:

Céim 1: Bunaigh do chuntas
  • Cliceáil chun Cuntas Duine Aonair a Chruthú nó chun Cuntas Cuideachta a Chruthú
  • Iontráil do mhionsonraí.
  • Socraigh pasfhocal ina bhfuil 8 gcarachtar ar a laghad, lena n-áirítear litir sa chás uachtair, litir sa chás íochtair, uimhir agus carachtar speisialta (! @ # $ & ; * -).

Céim 2: Fíorú ríomhphoist

  • Seiceáil do ríomhphoist le haghaidh nasc fíoraithe (a bheidh bailí ar feadh 2 uair an chloig)
  • Cliceáil ar an nasc agus lean na treoracha chun mionsonraí breise a iontráil chun do chuntas a chruthú.

Fíoraigh do chéannacht

Roghnaigh ‘I do not have a PPS Number’ agus uaslódáil doiciméad lena ndeimhnítear gur glacadóir thú.

Céim 3: Cruthaigh próifíl

  • Roghnaigh ‘Receiver’ mar do ról. Is féidir leat níos mó ról a chur leis tráth níos déanaí.
  • Deimhnigh do mhionsonraí tríd an dearbhú a chomhlánú.

Céim 4: Fíordheimhniú

  • Fíoróimid do chuntas agus seolfaimid nasc chugat chun é a rochtain.
  • Tógann fíorú doiciméad suas le 2 lá oibre.
  • Déanfaimid teagmháil leat má tá aon fhadhbanna ann maidir le do chuntas a fhíorú. Ní féidir leat tionóntachtaí a chlárú go dtí go mbeidh d’fhíorú críochnaithe.

Céim 5: Cuntas cruthaithe

Nuair a bheidh sé fíoraithe, is féidir leat do chuntas clárúcháin nua a rochtain. Is féidir leat anois tionóntachtaí a chlárú agus a bhainistiú ó leathanach baile do chuntais.

Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

Cruthaíonn RTB cuntais ar líne do gach Comhlacht Tithíochta Ceadaithe agus nascann sé cláruithe atá ann cheana leis na cuntais sin.

Conas do chuntas a rochtain

Déan teagmháil le AHB@rtb.ie chun mionsonraí logála isteach do chuntais a iarraidh. Nuair a bheidh tú logáilte isteach, is féidir leat:

  • Tionóntachtaí a chlárú.
  • Cláruithe a bhainistiú.
  • Oibritheoirí ar do chuntas a chruthú agus tionóntachtaí a shannadh dóibh.

Soláthraithe cóiríochta atá sonrach do mhic léinn

Faoi láthair, níl córas cuntais ar líne RTB ar fáil do sholáthraithe cóiríochta atá sonrach do mhic léinn.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi conas tionóntacht i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn a chlárú.