Athruithe ar an dlí cíosa ón 1 Márta 2026 ar aghaidh - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Athruithe ar an dlí cíosa ón 1 Márta 2026 ar aghaidh

Cad a bheidh ag athrú an 1 Márta 2026?

Rialacha nua cíosa ón 1 Márta 2026 ar aghaidh:

  • Cosaintí níos láidre do thionóntaí a thabhairt isteach
  • Athrú a dhéanamh ar na rialacha maidir le conas is féidir le tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht
  • Córas náisiúnta rialaithe cíosa a thabhairt isteach

Níl feidhm ag na hathruithe ach amháin maidir le tionóntachtaí nua arna gcruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh. Ní dhéantar
aon athrú leo ar na rialacha maidir le tionóntachtaí atá ann cheana.

Faoi na rialacha nua, cá fhad is féidir le tionónta fanacht ina t(h)each ar cíos?

Is é ráthaíocht tionachta an ceart atá ag tionónta chun fanacht ina t(h)each ar cíos. Faigheann tionónta ráthaíocht
tionachta sna cásanna seo a leanas:

  • Tá sé/sí ag cónaí sa mhaoin ar feadh sé mhí as a chéile, agus
  • Níor sheirbheáil a t(h)iarna talún Fógra Foirceanta bailí sa tréimhse sin.

Is féidir le gach tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht sna chéad sé mhí ar chúis ar bith. Tar éis sé mhí, ní
féidir le tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht ach amháin ar chúiseanna dlíthiúla sonracha. Bíonn siad sin ag
brath:

  • Ar cén uair a thosaigh an tionóntacht, agus
  • Ar cá mhéad tionóntacht atá ag an tiarna talún (i gcás tionóntachtaí arna gcruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh).
Tionóntacht arna cruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh Is féidir le gach tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht tráth ar bith más rud é:
  • – Go sáraíonn tionónta a (h)oibleagáidí.
  • – Nach bhfuil an mhaoin oiriúnach do riachtanais an tionónta a thuilleadh.

Má tá ceithre thionóntacht nó níos mó ag tiarna talún (nó más cuideachta é): Is iad an dá chúis thuas an t-aon chineál cúiseanna ar féidir leis/léi deireadh a chur le tionóntacht.
Má tá idir tionóntacht amháin agus trí thionóntacht ag tiarna talún: Tá roinnt cúiseanna breise ann ar féidir leis/léi deireadh a chur le tionóntacht:

Le linn timthriall tionóntachta sé bliana (Tionóntacht Ré Íosta):
  • – Teastaíonn ón tiarna talún díol chun cruatan airgeadais nó cruatan eile nach bhfuil gá leis a sheachaint.
  • – Teastaíonn ón tiarna talún nó ó dhlúthdhuine de theaghlach an tiarna talún cónaí sa mhaoin.

Ag deireadh timthriall tionóntachta sé bliana:
  • – Teastaíonn ón tiarna talún nó ó dhuine de theaghlach an tiarna talún cónaí sa mhaoin.
  • – Chun an mhaoin a dhíol.
  • – Chun athchóiriú suntasach a dhéanamh ar an maoin.
  • – Chun úsáid na maoine a athrú.
Tionóntacht arna cruthú roimh an 1 Márta 2026 Is féidir le tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht tráth ar bith ar shé chúis:
  • – Sáraíonn tionónta a (h)oibleagáidí.
  • – Níl an mhaoin oiriúnach do riachtanais an tionónta a thuilleadh.
  • – Teastaíonn ón tiarna talún nó ó dhuine de theaghlach an tiarna talún cónaí sa mhaoin.
  • – Chun an mhaoin a dhíol.
  • – Chun athchóiriú suntasach a dhéanamh ar an maoin.
  • – Chun úsáid na maoine a athrú.

Ní dhéanann an líon tionóntachtaí atá ag tiarna talún aon difear sna cásanna sin.
Tionóntacht arna cruthú roimh an 11 Meitheamh 2022 Ag deireadh téarma tionóntachta faoi Chuid 4 nó faoi Chuid 4 Bhreise, is féidir le tiarna talún deireadh a chur leis an tionóntacht ar aon chúis freisin. Ní gá go bhfuil an chúis sin ar cheann de na sé chúis shonracha a bhfuil feidhm acu maidir le tionóntachtaí arna gcruthú roimh an 1 Márta 2026.

Tabhair faoi deara: Ní féidir le tiarna talún athshocrú go cíos margaidh don chéad tionóntacht eile tar éis ‘foirceannadh gan locht’. Áirítear leis sin cásanna ina dtagann an tionóntacht chun deiridh sna chéad sé mhí.

Cé na rialacha nua maidir le méaduithe cíosa?

Ón 1 Márta 2026 ar aghaidh, beidh feidhm ag córas náisiúnta nua rialaithe cíosa maidir le gach tionóntacht
phríobháideach agus le cóiríocht atá sonrach do mhic léinn (SSA). Faoin gcóras sin:

  • Ní féidir cíos a mhéadú ach uair amháin sa bhliain agus ní féidir é a mhéadú ach amháin faoi 2% – nó ar aon dul leis an mboilsciú más ísle é sin. Is de réir an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI) a dhéantar ráta an bhoilscithe a
    thomhas.
  • I gcás tionóntachtaí príobháideacha arna gcruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh: Ceadaítear athshocrú go cíos
    margaidh i gcásanna sonracha. Is iad sin:

    • Nuair a thosaíonn tionóntacht nua (ach amháin má tháinig an tionóntacht dheireanach chun deiridh toisc gur roghnaigh an tionónta imeacht, toisc gur sháraigh an tionónta a (h)oibleagáidí nó toisc nach n-oireann an mhaoin do riachtanais an tionónta a thuilleadh).
    • Ag deireadh timthriall tionóntachta sé bliana (Tionóntacht Ré Íosta).
  • I gcás tionóntachtaí atá ann cheana arna gcruthú roimh an 1 Márta 2026: Ní cheadaítear athshocrú go cíos
    margaidh.

Eisceachtaí:

  • I gcás árasáin nua agus cóiríocht atá sonrach do mhic léinn (i gcás gur tosaíodh an tógáil an 10 Meitheamh 2025 nó ina dhiaidh): Is féidir le méaduithe bliantúla an CPI a leanúint, agus níl aon uasteorainn 2% ann.
  • Athshocrú go cíos margaidh do chóiríocht atá sonrach do mhic léinn: Ní cheadaítear é ach uair amháin gach trí
    bliana ón 1 Márta 2029 ar aghaidh.
  • Tionóntachtaí Comhlachta Tithíochta Cheadaithe agus tionóntachtaí ar cíos de réir costais: Níl feidhm ag na
    rialacha náisiúnta rialaithe cíosa.
Ceadaítear méadú bliantúil Athshocrú go cíos margaidh
Tionóntacht phríobháideach arna tosú roimh an 1 Márta 2026 2% – nó ráta an bhoilscithe (CPI) más ísle é sin Ní cheadaítear é
Tionóntacht phríobháideach arna tosú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh 2% – nó ráta an bhoilscithe (CPI) más ísle é sin I gcás tionóntachtaí príobháideacha arna gcruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh: Ceadaítear athshocrú go cíos margaidh i gcásanna sonracha. Is iad sin:
  • – Nuair a thosaíonn tionóntacht nua (ach amháin má tháinig an tionóntacht dheireanach chun deiridh toisc gur roghnaigh an tionónta imeacht, toisc gur sháraigh an tionónta a (h)oibleagáidí nó toisc nach n-oireann an mhaoin do riachtanais an tionónta a thuilleadh).
  • – Ag deireadh timthriall tionóntachta sé bliana (Tionóntacht Ré Íosta).
Árasán príobháideach nua (i gcás gur tosaíodh an tógáil tar éis an 10 Meitheamh 2025) Ar aon dul leis an mboilsciú (CPI). Níl aon uasteorainn 2% i bhfeidhm.
  • – Ceadaítear é i dtús tionóntachta nua, ach amháin tar éis ‘foirceannadh gan locht’
  • – Ceadaítear é ag deireadh timthriall tionóntachta sé bliana
Cóiríocht atá sonrach do mhic léinn 2% – nó ráta an bhoilscithe (CPI) más ísle é sin Ceadaítear é uair amháin gach trí bliana ón 1 Márta 2029 ar aghaidh
Cóiríocht nua atá sonrach do mhic léinn (i gcás gur tosaíodh an tógáil tar éis an 10 Meitheamh 2025) Ar aon dul leis an mboilsciú (CPI). Níl aon uasteorainn 2% i bhfeidhm. Ceadaítear é uair amháin gach trí bliana ón 1 Márta 2029 ar aghaidh

Video resources

Rent rules for private tenancies from 1 March 2026

Rent rules for Student-Specific Accommodation (SSA) from 1 March 2026

Rules on ending a tenancy from 1 March 2026

Resources for landlords

Resources for tenants

Ceisteanna coitianta

  • Ceisteanna maidir le socrú cíosa

    Cad is cíos margaidh ann agus conas a ríomhtar é?

    Is é cíos margaidh an méid a d’íocfadh tionónta go réasúnach le tiarna talún as teach comhchosúil i limistéar
    inchomparáide tráth a thosaíonn an tionóntacht. Ón 1 Márta 2026 ar aghaidh, is amhlaidh, má tá tiarna talún ag socrú an
    chíosa go cíos margaidh, nach mór dó/di:

    • Ráiteas a thabhairt dá t(h)ionónta á rá nach bhfuil an cíos nua os cionn an chíosa margaidh
    • Mionsonraí faoin gcíos a íoctar as trí mhaoin chomhchosúla ó Chlár Cíosa RTB a chur ar áireamh ina ráiteas.
    • Is féidir leis an tiarna talún úsáid a bhaint as Clár Cíosa RTB chun teacht ar na cíosanna a íoctar as maoine sa
      toghlimistéar áitiúil céanna a bhfuil líon comhchosúil seomraí, achar comhchosúil urláir agus rátáil chomhchosúil
      BER acu.

    Cad is féidir liom a dhéanamh má athshocraíonn mo thiarna talún an cíos os cionn cíos margaidh?

    Ní mór do thiarna talún fógra faoi shocrú cíosa a thabhairt dá t(h)ionónta i dtús na tionóntachta chun a mhíniú conas a
    shocraigh sé/sí an cíos. Ní mór trí shampla ó Chlár Cíosa RTB a bheith ar áireamh san fhógra sin. Má chreideann tionónta
    gur shocraigh tiarna talún a c(h)íos os cionn an ráta margaidh, is féidir leis an tionónta cás díospóide a thabhairt
    chuig RTB, nó an tiarna talún a thuairisciú le haghaidh imscrúdaithe. Má thionscnaíonn an tionónta cás díospóide, is
    féidir go bhfágfaidh sé sin nach dtiocfaidh an t-athbhreithniú cíosa i bhfeidhm go dtí go mbeidh an cás díospóide thart.
    Chomh maith leis sin, is féidir le breithiúnas nó éisteacht binse RTB a ordú do thiarna talún aon chíos ró-íoctha a
    aisíoc agus damáistí suas le €20,000 a dhámhachtain.

    Cad is Clár Cíosa RTB ann?

    Is é is Clár Cíosa RTB ann ná uirlis nua nach mór do thiarnaí talún a úsáid anois agus cíos á shocrú nó á athbhreithniú
    acu le haghaidh tionóntachta. Ní mór do thiarnaí talún trí shampla a thabhairt anois de chíos a íoctar as maoine
    comhchosúla ó Chlár Cíosa RTB agus cíos á shocrú acu. Tá Clár Cíosa RTB bunaithe ar shonraí clárúcháin tionóntachta RTB.
    Déantar é a nuashonrú ar bhonn laethúil ó chóras clárúcháin tionóntachta RTB. Is féidir le tiarnaí talún úsáid a bhaint
    as chun cuardach a dhéanamh le haghaidh cíosanna a íoctar as tionóntachtaí comhchosúla atá sa Toghlimistéar Áitiúil
    céanna ina bhfuil an tionóntacht a bhfuil siad ag socrú cíosa ina leith. Is féidir leo mionsonraí amhail an cineál
    teaghaise, an t-achar urláir, an líon seomraí leapa agus an rátáil BER a iontráil. Taispeánfar ar Chlár Cíosa RTB na
    torthaí is mó a chomhfhreagraíonn dá dtionóntacht.

    An féidir le tiarna talún tionóntaí a dhíshealbhú chun cíos a mhéadú?

    Ní féidir. Tá tionóntaí cosanta ar dhíshealbhuithe eacnamaíocha faoi na rialacha nua. Ón 1 Márta 2025 ar aghaidh, ní
    bheidh tiarna talún in ann athshocrú go cíos margaidh do thionóntacht nua tar éis foirceannadh gan locht. Ní bheidh
    tiarna talún in ann athshocrú go cíos margaidh ach amháin má tháinig an tionóntacht dheireanach sa mhaoin chun deiridh
    ar na cúiseanna seo a leanas:

    • D’imigh an tionónta faoina rogha féin.
    • Sháraigh an tionónta a (h)oibleagáidí.
    • Níor fhreastail an mhaoin ar riachtanais an tionónta a thuilleadh.

    An ndéanfar cíosanna do mhic léinn a athshocrú go cíos margaidh gach bliain?

    Ní dhéanfar. Tá na rialacha maidir le cíos a shocrú difriúil i gcás cóiríocht atá sonrach do mhic léinn, mar aitheantas
    don fhíric go n-athraíonn na tionóntachtaí sin gach bliain. Murab ionann agus tionóntachtaí príobháideacha, níl aon
    athshocrú go cíos margaidh idir tionóntachtaí i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn. Ina ionad sin, ní bheidh
    tiarnaí talún i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn in ann athshocrú go cíos margaidh ach uair amháin gach trí
    bliana. Maidir leis na chéad athshocruithe go cíos margaidh i gcás tionóntachtaí i leith cóiríocht atá sonrach do mhic
    léinn, ní tharlóidh siad go dtí an 1 Márta 2029.

    Conas is féidir le tiarna talún fógra foirceanta, fógra faoi shocrú cíosa nó fógra faoi athbhreithniú cíosa a chur
    chuig RTB?

    Is é an bealach is fearr chun fógra a chur chuig RTB ná trí Ionad Seirbhíse RTB, arb ionad seirbhíse ar líne é.

    Cén uair nach gceadaítear socrú go cíos margaidh?

    Ní cheadaítear socrú go cíos margaidh i gcás tionóntacht arna cruthú roimh an 1 Márta 2026, mura ndearna an tiarna talún an mhaoin a athchóiriú go suntasach. I gcás tionóntachtaí arna gcruthú ón 1 Márta 2026 ar aghaidh, ceadaítear socrú go cíos margaidh i gcás tionóntacht nua ach ní tar éis díshealbhú gan locht. Fágann sé sin gurb amhlaidh, má chuir tiarna talún deireadh le tionóntacht ar aon chúis seachas sárú ar oibleagáidí an tionónta nó toisc nach raibh an mhaoin oiriúnach a thuilleadh do riachtanais an tionónta, nach gceadaítear athshocrú go cíos margaidh. Ceadaítear é uair amháin gach sé bliana ag deireadh timthriall Tionóntachta Ré Íosta freisin.

    An mbeidh tiarna talún in ann socrú go cíos margaidh más rud é nach bhfuil maoin ligthe ar cíos sa dá bhliain atá imithe thart ach gur tháinig an tionóntacht dheireanach chun deiridh trí dhíshealbhú gan locht?

    Beidh. Mura bhfuil maoin ligthe ar cíos sa dá bhliain atá imithe thart, beifear in ann fós an cíos don chéad tionóntacht
    eile a shocrú ag cíos margaidh.

    An mbeidh Criosanna Brú Cíosa ann fós?

    Ní bheidh. An 1 Márta 2026, tiocfaidh córas náisiúnta rialaithe cíosa isteach in ionad Criosanna Brú Cíosa. Leis an
    gcóras sin, clúdaítear gach tionóntacht phríobháideach agus gach tionóntacht i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn
    ar fud na hÉireann.

    An mbeidh RTB ag déanamh faireachán ar neamhchomhlíonadh na rialacha nua?

    Beidh. Baineann RTB úsáid cheana féin as sonraí maidir le socrú cíosa ó shonraí clárúcháin chun sainaithint a dhéanamh
    ar chásanna inar sháraigh tiarnaí talún na rialacha atá i bhfeidhm maidir le Criosanna Brú Cíosa (RPZanna). Táimid ag
    baint úsáid as na sonraí sin chun feachtais shuntasacha ar chomhlíonadh a bhrú chun cinn sa dá bhliain atá imithe thart.
    Beimid ag déanamh anailís ar ár sonraí ar an mbealach céanna chun sainaithint a dhéanamh ar chásanna inar sháraigh
    tiarnaí talún na rialacha náisiúnta nua rialaithe cíosa.