Na rialacha náisiúnta rialaithe cíosa
Ón 1 Márta 2026 ar aghaidh, beidh feidhm ag córas náisiúnta nua rialaithe cíosa maidir le gach tionóntacht
phríobháideach agus le cóiríocht atá sonrach do mhic léinn (SSA). Faoin gcóras sin:
- Ní bheifear in ann cíos a mhéadú ach uair amháin sa bhliain agus ní bheifear in ann é a mhéadú ach amháin faoi 2% nó
faoi ráta an bhoilscithe, cibé acu is ísle. Is de réir an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI) a dhéantar ráta an
bhoilscithe a thomhas. - Ceadaítear athshocrú go cíos margaidh uair amháin gach trí bliana le haghaidh tionóntachtaí i leith cóiríocht atá
sonrach do mhic léinn. Ní cheadaítear athshocrú go cíos margaidh roimh an 1 Márta 2029 ná idir tionóntachtaí nó
ceadúnais i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn lasmuigh den timthriall trí bliana sin.