Más rud é go bhfuil aonad gairdín ligthe ar cíos ach nár cháiligh sé le haghaidh díolúine pleanála, ní mór don úinéir:
- Gach tionóntacht roimhe seo agus gach tionóntacht reatha sa mhaoin a chlárú le RTB.
- Táillí déanacha a íoc as gach clárú roimhe seo agus as gach clárú reatha.
D’fhéadfadh freisin go ngearrfaí pionóis ar an tiarna talún as mainneachtain clárú, lena n-áirítear ionchúiseamh coiriúil nó imscrúdú sibhialta agus smachtbhanna suas le €15,000.
I gcás gur cheart tionóntacht a bheith cláraithe, tá an tionónta faoi chosaint faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, fiú mura bhfuil an tionóntacht cláraithe. Áirítear na nithe seo a leanas leis na cosaintí atá ag an tionónta faoin dlí cíosa:
- Tá teorainn le méaduithe ar a c(h)íos faoi na rialacha náisiúnta rialaithe cíosa. Is féidir go mbeidh ar a t(h)iarna talún aon chíos ró-íoctha a aisíoc freisin mar gheall ar mhéaduithe neamhdhleathacha cíosa.
- Faigheann siad ráthaíocht tionachta (an ceart chun fanacht) sa mhaoin ar cíos tar éis sé mhí. Is é dáta tosaithe a t(h)ionóntachta an dáta a bhog sé/sí isteach sa tionóntacht neamhchláraithe.
- Is féidir leis/léi rochtain a fháil ar an tseirbhís um réiteach díospóidí atá i bhfeidhm ag RTB.