Treoir maidir le hidirghabháil - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Treoir maidir le hidirghabháil

Seirbhís saor in aisce a chabhraíonn le tiarnaí talún agus le tionóntaí saincheisteanna tionóntachta a réiteach is ea idirghabháil. Labhraíonn idirghabhálaí leis an dá pháirtí ar leithligh agus cabhraíonn sé nó sí le teacht ar réiteach a gcomhaontóidh gach duine leis. Faigh amach conas a oibríonn idirghabháil agus conas iarratas a dhéanamh uirthi.

Cad is idirghabháil ann agus conas is féidir léi cabhair a thabhairt?

Mura féidir leat díospóid tionóntachta a réiteach trí fhéinréiteach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar idirghabháil.

Maidir le hidirghabháil an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB):

  • Bíonn sí saor in aisce, deonach, agus faoi rún.
  • Is í ár mbealach réamhshocraithe chun díospóidí a réiteach í.
  • Bíonn sí níos tapa ná breithniú.
  • Déantar í ar an bhfón de ghnáth ach is féidir í a dhéanamh go pearsanta nó trí fhísghlao freisin.
  • Bíonn sí ar fáil gan aon ghá le hionadaíocht dhlíthiúil ó aturnae nó ó abhcóide a bheith ag duine.

Labhraíonn ár n-idirghabhálaithe le gach duine lena mbaineann chun eolas a fháil ar an gcás. Míníonn siad cearta agus oibleagáidí dlíthiúla gach duine. Ní gá duit labhairt go díreach leis an bpáirtí eile.

Má thagann tú ar chomhaontú, beidh sé ina cheangal dlí agus déanfar doiciméad dá ngairtear Ordú Cinnidh. Bíonn Orduithe Cinnidh Idirghabhála faoi rún agus ní fhoilsítear iad ar shuíomh Gréasáin RTB.

Sa bhliain 2024, ba í 7 seachtaine an mheántréimhse ama a tógadh chun cás idirghabhála a réiteach.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar idirghabháil?

  • Tionóntaí
  • Tiarnaí talún
  • Duine nach bhfuil baint dhíreach aige nó aici leis an tionóntacht. Mar shampla, comharsa a ndéanann iompraíocht tionónta difear dó nó di

Cineálacha díospóidí a fhéadfaidh tú a tharchur le haghaidh idirghabhála

  • Riaráiste cíosa (nuair nár íocadh cíos)
  • Róshealbhú (nuair a fhanann tionónta sa mhaoin tar éis dháta deiridh na tionóntachta)
  • Bailíocht fógra foirceanta (chun a dheimhniú an bhfuil an fógra chun deireadh a chur leis an tionóntacht dleathach nó nach bhfuil)
  • Sárú ar oibleagáidí tiarna talún (níor chloígh an tiarna talún le téarmaí an chomhaontaithe tionóntachta nó lena fhreagrachtaí dlíthiúla nó lena freagrachtaí dlíthiúla)
  • Caighdeán agus cothabháil na teaghaise (níl an mhaoin á cothabháil)
  • Coinneáil éarlaise (níor tugadh an éarlais ar ais ag deireadh na tionóntachta)
  • Sárú ar oibleagáidí tionónta (níor chloígh an tionónta le téarmaí an chomhaontaithe tionóntachta nó lena fhreagrachtaí dlíthiúla nó lena freagrachtaí dlíthiúla)
  • Iompraíocht fhrithshóisialta
  • Damáiste is mó ná caitheamh agus cuimilt normálta.
  • Bailíocht athbhreithnithe cíosa (an bhfuil an t-athbhreithniú cíosa dleathach nó nach bhfuil)
  • Cíos is mó ná an ráta margaidh
  • Athbhreithniú cíosa gan a bheith i gcomhréir le Criosanna Brú Cíosa

Teorainneacha ama le haghaidh díospóidí a tharchur

Ní mór duit cineálacha áirithe díospóidí a tharchur chuig RTB laistigh de na tréimhsí ama seo.

Cineál díospóide Tréimhse ama le haghaidh atreoraithe
Díospóidí faoin méid cíosa a comhaontaíodh nó a d’íoc iarthionónta Laistigh de 28 lá ó dheireadh na tionóntachta.
Díospóidí faoi fhógraí foirceanta Laistigh de 90 lá ón bhfógra a fháil, má chomhlíon tú d’oibleagáidí tionónta. Nó
Laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil, má sháraigh tú d’oibleagáidí tionónta.
Díospóidí faoi mhéaduithe cíosa Sula dtagann an méadú cíosa i bhfeidhm nó laistigh de 28 lá ó fhógra foirmiúil faoin gcíos nua a fháil.

Féadfaidh RTB na teorainneacha sin a fhadú in imthosca eisceachtúla. Ní mór do Bhord RTB breithniú agus formheas a dhéanamh ar gach iarraidh chun iarratas déanach a cheadú.

An bhféadfaidh mé m’iarratas a tharraingt siar?

Féadfaidh tú d’iarratas a tharraingt siar tráth ar bith sula n-eiseofar an tOrdú Cinnidh. Cuir an méid sin in iúl dúinn a luaithe is féidir.

An bhféadfaidh mé socrú a dhéanamh leis an bpáirtí eile?

Féadfaidh tú teacht ar chomhaontú tráth ar bith. Má tharlaíonn sé sin, ní mór don iarratasóir a rá linn an cás a tharraingt siar.

Conas a oibríonn idirghabháil

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar idirghabháil fóin saor in aisce tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB nó tríd an bpost nó trí ríomhphost. Gheobhaidh an páirtí eile sa díospóid litir ina gcuirfear in iúl dó nó di go ndearnadh iarratas chuig RTB.

  • Gheobhaidh an dá pháirtí dáta agus am le haghaidh na nglaonna fóin (an éisteacht idirghabhála).
  • Cuirfidh an t-idirghabhálaí glao ar gach duine ar leithligh chun an díospóid a thuiscint agus a réiteach. Ní gá duit labhairt leis an bpáirtí eile lena mbaineann.

Maireann an éisteacht 1.5 uair an chloig ar a mhéad.

Más rud é go bhfuil níos mó ná duine amháin ag déanamh iarratais, roghnaigh duine amháin le bheith mar phríomhtheagmhálaí don idirghabhálaí.

Tá ateangaire nó aistritheoir ar fáil. Cuir in iúl dúinn nuair a dhéanann tú iarratas go dteastaíonn ateangaire nó aistritheoir uait.

Cad a tharlóidh má bhíonn orm an dáta nó an t-am a athrú?

Ní fhéadfaidh tú a iarraidh go n-athrófaí dáta nó am (atráth) d’éisteachta idirghabhála ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Ní mheastar oibleagáidí oibre nó coláiste a bheith ina gcúiseanna bailí.

Chun atráth a iarraidh:

  • Seol d’iarraidh i scríbhinn
  • Tabhair cruthúnas chun tacú le d’iarraidh

Mura féidir leat freastal ar an éisteacht, féadfaidh tú duine eile a ainmniú.

Mura bhfreastalaíonn tú ar an éisteacht gan fógra a thabhairt, glacfaidh an t-idirghabhálaí leis go bhfuil an t-iarratas tarraingthe siar agat.

Conas ullmhú d’idirghabháil

Faightear na torthaí is fearr ar idirghabháil nuair a bhíonn an dá pháirtí oscailte do theacht ar réiteach cothrom.

Roimh an éisteacht, ba cheart duit:

  1. Ráiteas Staide Idirghabhála a chomhlánú – cabhraíonn sé sin leis an idirghabhálaí a aithint cé na nithe atá tábhachtach duit agus cé na nithe ar cheart díriú orthu.
  2. Aon doiciméid tacaíochta a chur isteach – cé nach mbíonn idirghabháil bunaithe ar fhianaise, féadfaidh tú aon doiciméid tacaíochta a mheasann tú a bheith ábhartha don chás a chur isteach, mar shampla an fógra foirceanta nó an fógra athbhreithnithe cíosa. Déan dúch dubh a chur ar aon fhaisnéis íogair nó déan í a cheilt. Léigh ár dtreoir maidir le fianaise.

Ní chomhroinnfear na doiciméid sin leis an bpáirtí eile ach amháin má théann an cás ar aghaidh chuig breithniú nó chuig binse.

Cad a tharlaíonn le linn éisteacht idirghabhála

Ceapann gach páirtí teagmhálaí amháin, a dhéanfaidh cinntí ar an díospóid.

Ar lá na héisteachta, déanann an t-idirghabhálaí teagmháil leis an dá pháirtí ar leithligh. Cuireann sé nó sí glao ar an iarratasóir ar dtús, agus ar an bhfreagróir ina dhiaidh sin. Is féidir go mbeidh glaonna 30 nóiméad nó tréimhse níos faide óna chéile.

Bailíonn an t-idirghabhálaí tuairimí an dá pháirtí agus treoraíonn sé nó sí an plé chun teacht ar chomhaontú. Ní fhorchuireann an t-idirghabhálaí réiteach. Ina ionad sin, cabhraíonn sé nó sí le teach ar réiteach cothrom.

Is fearr páirt a ghlacadh sa phlé le dearcadh dearfach agus le toilteanas le teacht ar chomhréiteach.

Torthaí tar éis éisteacht idirghabhála

Ag brath ar an toradh, tá roinnt céimeanna eile féideartha ann.

  • Má thagann tú ar chomhaontú, déanfar Ordú Cinnidh a bheidh ina cheangal dlí agus lena n-áireofar na téarmaí comhaontaithe (laistigh de 2 sheachtain de ghnáth). Bíonn an comhaontú faoi rún i gcónaí agus ní fhoilsítear é ar ár suíomh Gréasáin.
  • Mura dtagann tú ar chomhaontú, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar bhreithniú nó féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig binse. Is é is breithniú ann seirbhís eile réitigh díospóidí de chuid RTB a dhéantar ar bhonn na fianaise agus an dlí.
  • Féadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh chuig éisteacht binse in aghaidh an toraidh ar idirghabháil. Ní mór duit iarratas a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire.
  • Más rud é nár thángthas ar aon chomhaontú agus nach ndéantar aon achomharc chuig binse, dúnfar an cás.

Déan iarratas ar idirghabháil saor in aisce

An dóigh is fusa ar féidir iarratas a dhéanamh ar idirghabháil is ea iarratas a dhéanamh ar líne tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB.

Mura féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh, is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil agus a chomhlánú.

Cuir an t-iarratas isteach ar na bealaí seo:

Trí ríomhphost: disputes@rtb.ie

Tríd an bPost: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí

 

 

Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon cheisteanna agat nó más gá duit sinn a thabhairt cothrom le dáta maidir le do mhionsonraí:

Cuir glao ar 0818 30 30 37 nó 01 7028100

Seol ríomhphost chuig disputes@rtb.ie