Cairt custaiméirí - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cairt custaiméirí

Réamhrá

Cé sinne

Comhlacht poiblí neamhspleách a rialálann earnáil cíosa na hÉireann is ea an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB). Oibrímid chun córas cíosa cothrom a chinntiú do gach duine in Éirinn.

Inár ról, déanaimid na nithe seo a leanas:

  • Tionóntaí agus tiarnaí talún a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina bhfreagrachtaí
  • A chinntiú go gcláróidh tiarnaí talún tionóntachtaí agus go gcloífidh siad leis an dlí cíosa
  • Cabhrú le díospóidí tionóntachta a réiteach
  • Sonraí agus léargais iontaofa a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin mbeartas i leith na hearnála cíosa

Táimid tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar a fhágann go bhfuil an earnáil cíosa níos cothroime agus níos éasca le tuiscint.

Rialálaimid gach ceann de na tionóntachtaí príobháideacha, de na tionóntachtaí Comhlachta Tithíochta Cheadaithe, de na tionóntachtaí ar cíos de réir costais, agus de na tionóntachtaí i leith cóiríocht atá sonrach do mhic léinn in Éirinn.

Oibrímid faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Ár gcustaiméirí

Tá raon leathan custaiméirí agus geallsealbhóirí againn, lena n-áirítear tiarnaí talún, tionóntaí agus gníomhairí eastáit, an Rialtas, comhlachtaí stáit, na meáin, agus an pobal. Tá sé mar aidhm againn an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar dár gcustaiméirí ar fad. Leabaíonn RTB na prionsabail um sholáthar seirbhíse ardchaighdeáin isteach i ngach a ndéanaimid.

Cad is Cairt Custaiméirí RTB ann?

Leagtar amach sa Chairt Custaiméirí seo na caighdeáin seirbhíse ar féidir lenár gcustaiméirí a bheith ag súil leo nuair a bhíonn siad ag déileáil linn. Nuair a bhíonn tú ag déileáil linn:

  • Beimid cúirtéiseach agus measúil.
  • Treoróimid thú chuig na seirbhísí a theastaíonn uait.
  • Cuirfimid ar an eolas thú faoi na cearta atá agat agus faoi na freagrachtaí atá ort.
  • Cosnóimid d’fhaisnéis phearsanta ar aon dul leis na ceanglais cosanta sonraí uile.
  • Cinnteoimid go bhfuil ár bhfaisnéis ar líne agus ár seirbhísí ar líne cothrom le dáta, cuimsitheach agus inrochtana ag cách.
  • Soláthróimid rochtain ar sheirbhísí riachtanacha ateangaireachta má bhíonn tú ag déileáil lenár seirbhís um réiteach díospóidí, a luaithe a thugann tú fógra roimh ré ina thaobh dúinn (fógra 10 lá oibre).

Teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe

Má bhíonn aon cheisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le RTB.

Líne fóin RTB

Is féidir leat glaoch orainn ar 0818 30 30 37 nó 01 702 8100. Bíonn ár línte fóin ar oscailt ó 9am go 3pm ó Luan go hAoine.

Cainéil ríomhphoist RTB

Foirne RTB atá ar fáil chun cabhrú leat

Cineál Ceiste Seoladh teagmhála Aga Freagartha Caighdeánach
Cláruithe registrations@rtb.ie 5 lá oibre
Díospóidí disputes@rtb.ie 2 lá oibre
Forfheidhmiú Clárúcháin enforcement@rtb.ie 10 lá oibre
Cóiríocht atá Sonrach do Mhic Léinn ssa@rtb.ie 5 lá oibre

Scríobh chuig RTB

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn i scríbhinn ag an seoladh seo: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí

 

Na nithe a iarraimid ort agus tú ag déileáil linn

  • Iarraimid ort caitheamh lenár mbaill foirne le cúirtéis agus le meas agus tú ag déanamh teagmháil linn. Ní ghlacfaidh RTB le hiompraíocht atá maslach, gránna nó ionsaitheach.
  • Le linn glao fóin, is féidir le baill foirne rabhadh a thabhairt duit go gcuirfear deireadh leis an nglao má leanann tú d’aon iompraíocht dho-ghlactha.
  • Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach féidir linn faisnéis chlárúcháin nó faisnéis atá sonrach don chás a sholáthar ach amháin má tá tú i do theagmhálaí liostaithe ar an taifead ar leith. Cuirfear roinnt ceisteanna slándála ort chun do chéannacht a fhíorú.

Iarratais ar Chlárú

Iarratais ar líne

Tá naoi gcéim ann chun do thionóntacht a chlárú ar líne. Gheobhaidh tú ríomhphost uathoibrithe ina n-admhófar go bhfuarthas d’íocaíocht. Más rud é go bhfuil na mionsonraí uile ceart agus go bhfaightear an íocaíocht, gheobhaidh tú ríomhphost laistigh de 24 uair an chloig ina ndeimhneofar go bhfuil an tionóntacht cláraithe. Más rud é nach bhfíoraítear d’iarratas nó gur theip ar an íocaíocht, déanfaimid teagmháil leat chun aon saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach.

Iarratais pháipéir

Cuirtear iarratais pháipéir isteach inár gcóras a luaithe a fhaighimid iad. Más rud é go bhfuil na mionsonraí uile ceart agus go bhfaightear an íocaíocht, seolfaimid litir deimhnithe chugat laistigh de sheacht lá oibre. Más rud é go bhfuil d’iarratas neamhiomlán nó gur theip ar an íocaíocht, déanfaimid teagmháil leat laistigh de 48 uair an chloig chun aon saincheisteanna atá fós gan réiteach a réiteach. Mura mbímid in ann mionsonraí nó íocaíochtaí atá ar iarraidh a fhíorú nó a fháil i gcás iarratais ar líne nó iarratais pháipéir:

  • Déanfar do chlárú a chatagóiriú mar ‘Clárú Neamhrathúil’.
  • Ní féidir leat an clárú neamhrathúil tionóntachta a leasú ná a nuashonrú.
  • Aisíocfar aon íocaíocht a bheidh déanta agat.
  • Beidh ort iarratas nua a chur isteach.

Cuairt a thabhairt ar ár n-oifig

Is trí choinne amháin is féidir cuairt a thabhairt ar ár gceannoifig. Cuirtear seomraí éisteachta díospóide RTB ar fáil do pháirtithe atá ag freastal ar éisteachtaí le coinne. Má bhíonn coinne agat chun freastal ar ár n-oifig, déanfaimid:

  • Seomraí cruinnithe príobháideacha a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe agus éisteachtaí.
  • Cloí le caighdeáin um shláinte agus sábháilteacht san áit oibre.
  • Seomraí cruinnithe inrochtana a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil míchumas orthu.

Seirbhís um Réiteach Díospóidí

Soláthraíonn RTB Seirbhís um Réiteach Díospóidí do thiarnaí talún, do thionóntaí agus do thríú páirtithe. Soláthraímid trí chineál réitigh díospóidí:

  • Idirghabháil: is féidir leat iarratas a dhéanamh trínár nIonad um Réiteach Díospóidí ar líne nó trí fhoirm iarratais pháipéir a úsáid.
  • Breithniú: is féidir leat iarratas a dhéanamh trínár nIonad um Réiteach Díospóidí ar líne nó trí fhoirm iarratais pháipéir a úsáid.
  • Binse: is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an toraidh ar idirghabháil nó ar bhreithniú trínár nIonad um Réiteach Díospóidí ar líne nó trí fhoirm iarratais pháipéir a úsáid.

Na nithe is gá duit a sholáthar dúinn

  • D’uimhir thagartha díospóide, más ann. Gheobhaidh tú an uimhir uathúil sin laistigh de 24 uair an chloig ó dhíospóid a chur isteach.
  • Uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist.
  • Ba cheart duit aon athrú ar do sheoladh a chur in iúl dúinn.
  • Ní mór duit freagra a thabhairt go pras ar aon cheisteanna maidir le do dhíospóid, mar shampla, má theastaíonn tuilleadh faisnéise uainn chun tacú le d’iarratas.

Fianaise a chur isteach chugainn

  • Seol fianaise a luaithe a bheidh uimhir thagartha cáis agat.
  • Seol an fhianaise agus na doiciméid uile tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí ar líne nó i ríomhphost amháin cúig lá ar a laghad roimh d’éisteacht.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoin tseirbhís um réiteach díospóidí a fháil sa Treoir maidir le Réiteach Díospóidí uainn.

Seirbhísí um réiteach díospóidí i dteangacha eile

Is féidir linn seirbhísí aistriúcháin a sholáthar ag éisteachtaí má fhaighimid fógra 10 lá oibre roimh ré. Ní féidir le haistritheoir comhairle ná cabhair a thabhairt maidir le do dhíospóid.

Úsáid trealaimh taifeadta

Leagaimid tábhacht ar phríobháideacht ár mball foirne agus ár gcustaiméirí, agus ní cheadaítear aon taifeadadh ar ár n-áitreabh ná in aon áit ina bhfuil agallaimh nó cruinnithe ar siúl. Tá sé sin amhlaidh chun cearta cosanta sonraí ár gcustaiméirí agus ár mball foirne a chosaint. Tá feidhm ag an mbeartas sin maidir le cruinnithe fóin, le cruinnithe fíorúla agus le seimineáir Ghréasáin. Cumhdaítear leis aon chineál taifeadta fuaime agus aon chineál taifeadta pictiúir stadáin nó aon chineál fístaifeadta ar aon ghléas. Má fhaighimid amach gur sháraigh tú an beartas sin, déanfaimid gach beart réasúnach chun príobháideacht agus cearta cosanta sonraí na ndaoine lena mbaineann a chosaint.

Inrochtaineacht

Seirbhísí do dhaoine a bhfuil míchumas orthu

Táimid tiomanta dá chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar ár bhfoirgneamh agus ar an bhfaisnéis agus na seirbhísí a sholáthraímid, beag beann ar a gcumas. Is féidir leat ár Ráiteas Inrochtaineachta a léamh ar ár suíomh Gréasáin. Cinnteoimid:

  • Go sainaithneoimid riachtanais na ndaoine a bhfuil míchumas orthu agus go bhfreastalóimid orthu.
  • Go mbeidh ár n-oifigí inrochtana ag daoine a bhfuil míchumas orthu.
  • Gur féidir lenár nOifigeach Rochtana déileáil le haon cheisteanna atá agat faoi shaincheisteanna míchumais nó faoi rochtain fhisiciúil.

Teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana

  • Tríd an bpost ag: An tOifigeach Rochtana, An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 12323, Baile Átha Cliath.
  • Ar an bhfón ar 0818 303037 nó 01 7028100 ó 9.30am go 5pm ó Luan go hAoine.

Trí ríomhphost ag accessofficer@rtb.ie

Seirbhísí i nGaeilge

Is é an aidhm atá againn:

  • A chur ar chumas custaiméirí a ngnó scríofa a dhéanamh i nGaeilge.
  • Doiciméid thábhachtacha a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla araon, lena n-áirítear an Tuarascáil Bhliantúil, an Plean Corparáideach, agus an Chairt agus Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí.
  • Bileoga faisnéise a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla, más féidir.

Aiseolas

Tá RTB tiomanta do sheirbhísí a sholáthar dá chustaiméirí i gcomhréir leis na Treoirphrionsabail um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí, moltaí agus aiseolais maidir leis na seirbhísí a sholáthraímid. Úsáidimid an t-aiseolas sin chun feabhas leanúnach a bhaint amach chun an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar do chustaiméirí. I gcás go bhfuil tú sásta nó míshásta leis an tseirbhís a cuireadh ar fáil, cuir an méid sin in iúl dúinn. Déan teagmháil linn:

  • Tríd an bpost: An tOifigeach um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí, An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí
  • Ar an bhfón ar 0818 303037 nó 01 7028100 ó 9.30am go 5pm ó Luan go hAoine.
  • Trí ríomhphost: ag customer.service@rtb.ie

Más rud é go bhfuil gearán agat faoi sheirbhís ó RTB, cuir sinn ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir tar éis don fhadhb teacht chun cinn.

Faisnéis le cur ar áireamh i do ghearán

Chun cabhrú linn aghaidh a thabhairt ar do ghearán nó é a imscrúdú go héifeachtúil, ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur ar áireamh:

  • D’ainm agus do sheoladh.
  • Mionsonraí faoin ngearán agus ainm na rannóige – tabhair a oiread faisnéise agus is féidir chun cabhrú linn do ghearán a imscrúdú.
  • An ball foirne a raibh tú ag déileáil leis nó léi, má bhíonn sé nó sí ar fáil.
  • Uimhir theagmhála am lae, más mian leat go ndéanfaimis teagmháil leat ar an bhfón.

An dóigh a ndéileálaimid le do ghearán

Your complaint will be handled by a staff member who was not directly part of the original situation that caused your complaint. We will investigate your complaint and respond to you within 14 working days of getting it. If your complaint needs further investigation, we will let you know and keep you updated on our investigation.

Conas do ghearán a fhormhéadú

Más rud é, tar éis duit an nós imeachta gearán thuas a leanúint, nach bhfuil tú sásta fós, is féidir leat do ghearán a chur chuig:

An Coimisinéir Teanga: i gcás gearáin faoi sheirbhísí i nGaeilge.

Plean Gníomhaíochta Custaiméirí

Tá ár seirbhísí bunaithe ar an 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí d’eagraíochtaí earnála poiblí. Leagtar amach inár bPlean Gníomhaíochta Custaiméirí don tréimhse 2024-2027 na bearta a dhéanfaidh RTB chun a chinntiú go gcomhlíonfaimid na prionsabail sin.

Léigh an Plean Gníomhaíochta Custaiméirí 2024-2027 ó RTB