Orduithe cinnidh a fhorfheidhmiú - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Orduithe Cinnidh a Fhorfheidhmiú

Is feidhm ríthábhachtach de chuid an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) é forfheidhmiú.

Nuair a bhaineann tiarnaí talún, tionóntaí, nó tríú páirtithe úsáid as na seirbhísí um réiteach díospóidí de chuid RTB, tá an toradh cinntitheach ina cheangal dlí. Gairtear Ordú Cinnidh den toradh sin.

Leagtar amach san Ordú Cinnidh téarmaí an chinnidh nó an chomhaontaithe. Ní mór do gach páirtí cloí leis an Ordú Cinnidh laistigh den tréimhse ama shonraithe.

Mainneachtain Ordú Cinnidh a chomhlíonadh

Féadfaidh na cúirteanna Ordú Cinnidh a fhorfheidhmiú. Mura gcomhlíonann ceann de na páirtithe téarmaí an chomhaontaithe, is féidir:

  • Go dtabharfar an páirtí sin chun na cúirte
  • Go mbeidh ar an bpáirtí sin fíneálacha a íoc
  • Go mbeidh ar an bpáirtí sin costais dlí an pháirtí eile a íoc, má chailleann sé an cás

Tar éis imeachtaí dlí, foilsíonn RTB an t-ordú cúirte ina n-ainmnítear na páirtithe lena mbaineann agus ina dtarraingítear aird ar neamhchomhlíonadh.

Conas a thacaíonn RTB le forfheidhmiú

Féadfaidh RTB tacú ar thrí bhealach le páirtithe atá ag iarraidh go gcomhlíonfaí Ordú Cinnidh. Féadfaimid:

  • Tacú le páirtithe téarmaí an Ordaithe Cinnidh a chomhlíonadh.
  • Tacú le páirtithe atá ag tabhairt a n-imeachtaí Forfheidhmiúcháin Ordaithe féin chun na cúirte trí dhoiciméid ábhartha a sholáthar.
  • Tacú go díreach le páirtithe maidir le himeachtaí Forfheidhmiúcháin Ordaithe a thabhairt chun na cúirte tríd an scéim cúnaimh dhlíthiúil.
  1. Tacú le páirtithe téarmaí an Ordaithe Cinnidh a chomhlíonadh

Formhór an ama, cloíonn daoine le téarmaí an Ordaithe Cinnidh. Mura féidir leo déanamh amhlaidh, is féidir le RTB comhlíonadh a spreagadh trí chabhrú leis an gcumarsáid idir an dá thaobh. Más mian le páirtí amháin plean íocaíochta nó socraíocht a mholadh, is féidir linn an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig an bpáirtí eile. Ní fhéadfaidh RTB téarmaí an Ordaithe Cinnidh a athrú.

  1. Tacú le páirtithe atá ag tabhairt a n-imeachtaí Forfheidhmiúcháin Ordaithe féin chun na cúirte

Más mian leat do chás forfheidhmiúcháin féin a thabhairt chuig an gCúirt Dúiche, is féidir leat tacaíocht a iarraidh ar RTB. Tabharfaimid cóipeanna duit de na doiciméid ábhartha uile ó do chás díospóide (laistigh de 7 lá ó d’iarraidh a fháil de ghnáth).

Is féidir linn na nithe seo a leanas a thabhairt duit freisin:

  1. Tacú go díreach le páirtithe maidir le himeachtaí Forfheidhmiúcháin Ordaithe a thabhairt chun na cúirte

I roinnt cásanna, is féidir le RTB tacú go díreach le páirtithe atá ag lorg forfheidhmiú Orduithe Cinnidh. Is féidir linn gnólacht dlí ainmnithe a sholáthar agus cuid de na costais dlí, nó na costais dlí ar fad, a chlúdach.

Tá an cúnamh sin lánroghnach agus tá sé faoi réir incháilitheachta faoi Bheartas Forfheidhmiúcháin RTB.

Conas iarratas a dhéanamh ar thacaíocht Forfheidhmiúcháin Ordaithe ó RTB

Seiceáil an gcomhlíonann do chás na ceanglais i mbeartas forfheidhmiúcháin RTB nó nach gcomhlíonann.
Má chomhlíonann, déan an fhoirm iarratais ar Fhorfheidhmiú Ordaithe a íoslódáil agus a chomhlánú.
Ní cheadaítear gach iarratas. Is ar bhonn cás ar chás a dhéantar cinntí.

Seol an fhoirm iarratais trí ríomhphost chuig: enforceorder@rtb.ie
Seol an fhoirm iarratais tríd an bpost chuig: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí

Orduithe Cinnidh a d’fhorfheidhmigh na Cúirteanna

Aimsigh Orduithe Cinnidh a forfheidhmíodh trí na Cúirteanna.

Déan teagmháil linn

Déan teagmháil le RTB maidir le forfheidhmiú Orduithe Cinnidh

Cuir glao ar 0818 30 30 37 (9:30am go 5pm ó Luan go hAoine)

Seol ríomhphost chuig enforceorder@rtb.ie