Treoir maidir le breithniú - Bord um Tionóntachtaí Cónaithe

Cothabháil Riachtanach Pleanáilte – Tairseach Chuntais Ar Líne RTB ar fáil ar an 16 Eanáir 2025 – Léigh tuilleadh faoin bhfógra seo

Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Treoir maidir le breithniú

Is é is breithniú ann ná seirbhís um réiteach díospóidí a soláthraíonn an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe í. Déanann breithneoir neamhspleách athbhreithniú ar an bhfianaise le linn éisteachta agus déanann sé nó sí cinneadh atá ina cheangal dlí. Faigh amach conas a oibríonn breithniú agus conas iarratas a dhéanamh air.

Cad is breithniú ann?

Próiseas atá níos foirmiúla ná idirghabháil is ea breithniú.

Cosnaíonn sé €30. Tá breithniú bunaithe ar an bhfianaise a chuireann tú i láthair le linn éisteachta. Déanann an breithneoir cinneadh ar an toradh ar bhonn na fianaise a cuireadh ar fáil agus ar bhonn an dlí.

  • Tá cinneadh an bhreithneora ina cheangal dlí.
  • Comhroinntear doiciméad dá ngairtear Ordú Cinnidh leis an dá pháirtí agus foilsítear é ar shuíomh Gréasáin RTB.
  • Ní gá duit ionadaíocht dhlíthiúil ó aturnae ná ó abhcóide a bheith agat.

Tógann próiseas breithnithe RTB níos mó ama ná mar a thógann idirghabháil. Sa bhliain 2024, ba í 19 seachtaine an mheántréimhse ama a tógadh chun cás breithnithe a réiteach.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar bhreithniú?

  • Tionóntaí
  • Tiarnaí talún
  • Duine nach bhfuil baint dhíreach aige nó aici leis an tionóntacht. Mar shampla, comharsa a ndéanann iompraíocht tionónta difear dó nó di

Cineálacha díospóidí a fhéadfaidh tú a tharchur le haghaidh breithnithe

  • Riaráiste cíosa (nuair nár íocadh cíos)
  • Róshealbhú (nuair a fhanann tionónta sa mhaoin tar éis dháta deiridh na tionóntachta)
  • Damáiste is mó ná caitheamh agus cuimilt normálta.
  • Sárú ar léas téarma sheasta
  • Sárú ar oibleagáidí tionónta (níor chloígh an tionónta le téarmaí an chomhaontaithe tionóntachta nó lena fhreagrachtaí dlíthiúla nó lena freagrachtaí dlíthiúla)
  • Bailíocht fógra foirceanta (an bhfuil an fógra chun deireadh a chur leis an tionóntacht dleathach nó nach bhfuil)
  • Foirceannadh neamhdhleathach tionóntachta (díbirt mhídhleathach)
  • Coinneáil éarlaise (níor tugadh an éarlais ar ais ag deireadh na tionóntachta)
  • Caighdeán agus cothabháil na teaghaise (níl an mhaoin á cothabháil)
  • Sárú ar oibleagáidí tiarna talún (níor chloígh an tiarna talún le téarmaí an chomhaontaithe tionóntachta nó lena fhreagrachtaí dlíthiúla nó lena freagrachtaí dlíthiúla)
  • Cíos is mó ná an ráta margaidh
  • Bailíocht athbhreithnithe cíosa (an bhfuil an t-athbhreithniú cíosa dleathach nó nach bhfuil)
  • Athbhreithniú cíosa gan a bheith i gcomhréir le Criosanna Brú Cíosa
  • Iompraíocht fhrithshóisialta
  • Eile (beidh ar an iarratasóir mionsonraí a thabhairt)

Teorainneacha ama le haghaidh díospóidí a chur isteach

Ní mór duit cineálacha áirithe díospóidí a tharchur chuig RTB laistigh de na tréimhsí ama seo.

Cineál díospóide Tréimhse ama le haghaidh atreoraithe
Díospóidí faoin méid cíosa a comhaontaíodh nó a d’íoc iarthionónta Laistigh de 28 lá ó dheireadh na tionóntachta.
Díospóidí faoi fhógraí foirceanta Laistigh de 90 lá ón bhfógra a fháil, má chomhlíon tú d’oibleagáidí tionónta. Laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil, má sháraigh tú d’oibleagáidí tionónta.
Díospóidí faoi mhéaduithe cíosa Sula dtagann an méadú cíosa i bhfeidhm nó laistigh de 28 lá ó fhógra foirmiúil faoin gcíos nua a fháil.

Féadfaidh RTB na teorainneacha sin a fhadú in imthosca eisceachtúla. Ní mór do Bhord RTB breithniú agus formheas a dhéanamh ar gach iarraidh chun iarratas déanach a cheadú.

An bhféadfaidh mé m’iarratas a tharraingt siar?

Féadfaidh tú d’iarratas a tharraingt siar tráth ar bith sula n-eiseofar an tOrdú Cinnidh. Cuir an méid sin in iúl dúinn a luaithe is féidir.

An bhféadfaidh mé socrú a dhéanamh leis an bpáirtí eile?

Féadfaidh tú teacht ar chomhaontú tráth ar bith. Má tharlaíonn sé sin, ní mór don iarratasóir a rá linn an cás a tharraingt siar.

Conas a oibríonn breithniú

Bíonn éisteachtaí breithiúnais ar siúl ó Luan go hAoine ag 10.00am, ag 11.30am agus ag 2.15pm.

  • Gheobhaidh an dá pháirtí dáta agus am le haghaidh na héisteachta breithnithe.
  • Cuirtear formhór na n-éisteachtaí ar siúl go cianda trí fhísghlao. Is annamh a chuirtear éisteachtaí pearsanta ar siúl.
  • Gheobhaidh tú nasc chuig an gcruinniú trí do chuntas leis an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB, trí ríomhphost nó tríd an bpost.
  • Cuireann an dá pháirtí fianaise isteach roimh ré.
  • Déanann an breithneoir athbhreithniú ar an bhfianaise agus déanann sé nó sí Ordú Cinnidh atá ina cheangal dlí.

Cad a tharlóidh má bhíonn orm an dáta nó an t-am a athrú?

Ní fhéadfaidh tú a iarraidh go n-athrófaí dáta nó am (atráth) d’éisteachta breithnithe ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Ní mheastar oibleagáidí oibre nó coláiste a bheith ina gcúiseanna bailí.

Chun atráth a iarraidh:

  • Seol d’iarraidh i scríbhinn
  • Tabhair cruthúnas chun tacú le d’iarraidh

Mura féidir leat freastal ar an éisteacht, féadfaidh tú duine eile a ainmniú nó ráiteas i scríbhinn a chur isteach. Mura bhfreastalaíonn tú ar an éisteacht gan fógra a thabhairt, glacfaidh an breithneoir leis go bhfuil an t-iarratas tarraingthe siar agat.

Conas ullmhú do bhreithniú

Ba cheart do gach páirtí a bhfuil baint acu leis an díospóid fianaise a chur isteach chun a gcás a chruthú.

Déanann an breithneoir cinneadh ar réiteach na díospóide ar bhonn na fianaise atá curtha ar fáil agus ar bhonn an dlí.

Comhroinntear aon fhianaise atá curtha isteach leis na páirtithe uile lena mbaineann, lena n-ionadaithe agus leis an mbreithneoir.

Léigh an treoir maidir le fianaise chun cabhrú leat ullmhú.

Cad a tharlóidh ag éisteacht breithnithe

Freastalaíonn na páirtithe uile le chéile agus leis an mbreithneoir. Déanfaidh an breithneoir an éisteacht a bhainistiú. Tabharfaidh sé nó sí deis do gach duine a gcás a mhíniú trí úsáid a bhaint as fianaise a comhroinneadh. De ghnáth, maireann an éisteacht breithnithe idir 1 uair an chloig agus 2 uair an chloig. Braitheann sé ar cé chomh casta agus atá an díospóid. Coinnigh an lá sin saor i do dhialann.

Éisteachtaí fíorúla

Gheobhaidh tú nasc uathúil chun páirt a ghlacadh san éisteacht trí ríomhphost nó tríd an bpost. Ní bhfaighidh ach freastalaithe deimhnithe an nasc chuig an gcruinniú. Cliceáil an nasc chun dul isteach sa chruinniú. Rachaidh tú isteach i seomra feithimh. Ligfidh an breithneoir daoine isteach agus déanfaidh sé nó sí a gcéannacht a sheiceáil.

Má bhíonn deacracht agat nascadh, is féidir linn glao tacaíochta a eagrú chun cabhrú leat nascadh. Is féidir leat páirt a ghlacadh san éisteacht ar an bhfón freisin má bhíonn fadhbanna nascachta agat.

Sábháilteacht ar líne

Ar mhaithe le do shábháilteacht phearsanta:

  • Le linn an chruinnithe, ní thaispeánfar ach d’ainm.
  • Ní cheadaítear éisteachtaí fíorúla a thaifeadadh faoi aon imthosca.
  • Smaoinigh ar an áit a mbeidh tú don éisteacht agus ar cad is féidir le daoine a fheiceáil ar an gceamara. Más gá, déan do chúlra a dhoiléiriú sna socruithe físghlao.
  • Má ghlacann tú páirt san éisteacht ar an bhfón, folaigh d’aitheantas glaoiteora. Mura ndéanann tú amhlaidh, is féidir go mbeidh cuid de d’uimhir fóin le feiceáil (roinnt digití agus réiltíní).

Tá measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag RTB ar éisteachtaí fíorúla. Faigh tuilleadh faisnéise faoi conas a chosnaímid do shonraí.

Éisteacht phearsanta

Cuirtear éisteachtaí pearsanta ar siúl i gCathair Bhaile Átha Cliath (oifig RTB), i gCathair Chorcaí, i gCathair na Gaillimhe, i gCathair Luimnigh, i mBaile Shligigh, i mBaile Átha Luain agus i mBaile Loch Garman.

Mura féidir leat freastal ar dháta d’éisteachta, cuir an méid sin in iúl dúinn a luaithe is féidir leat.

Dá mba mhaith leat go ndéanfadh duine éigin ionadaíocht duit nó dá mba mhaith leat finné a thabhairt leat, cuir an méid sin in iúl dúinn 3 lá ar a laghad roimh an éisteacht.

Bí in am agus lean na treoracha ó fhoireann RTB agus ón mbreithneoir. Tabhair leat peann, páipéar agus cóipeanna d’aon doiciméid a chomhroinn tú roimhe seo. Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le RTB roimh d’éisteacht.

Torthaí tar éis éisteacht breithnithe

Déanfaidh an breithneoir cinneadh ar an toradh agus déanfaidh sé nó sí Ordú Cinnidh ina leagfar amach an cinneadh uaidh nó uaithi agus na cúiseanna leis an gcinneadh sin. Míneofar sa doiciméad sin na téarmaí agus an amlíne chun cinneadh an bhreithneora a chomhlíonadh.

Mar shampla, is féidir go sonrófar in Ordú Cinnidh go gcaithfidh tionónta an riaráiste cíosa ar fad a íoc laistigh de 6 mhí. Nó is féidir go sonrófar ann go gcaithfidh tiarna talún obair chothabhála ar mhaoin a chríochnú laistigh de 3 mhí.

Féadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an bhreithneora chuig binse de chuid RTB má mheasann an páirtí:

  • Go bhfuil an cinneadh mícheart agus nach gcloíonn sé leis an dlí
  • Nach raibh an breithneoir ar an eolas faoi fhianaise thábhachtach

Ní mór duit iarratas a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre.

Mura bhfaightear aon achomharc, tiocfaidh an tOrdú Cinnidh chun bheith ina cheangal dlí (laistigh de 2 sheachtain ó dheireadh na tréimhse achomhairc de ghnáth).

Torthaí an bhreithnithe

Déantar Orduithe Cinnidh a thagann as éisteachtaí breithnithe a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin.

Bain úsáid as na scagairí chun cuardach le haghaidh torthaí agus Orduithe Cinnidh roimhe seo le haghaidh breithnithe.

Déan iarratas ar bhreithniú

Déan iarratas ar líne tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB.

Cá mhéad a chosnaíonn breithniú?

Cosnaíonn sé €30 chun iarratas a dhéanamh ar bhreithniú. Is féidir leat íoc ar líne tríd an Ionad um Réiteach Díospóidí de chuid RTB.

Mura féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh, is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil agus a chomhlánú.

Cuir an t-iarratas isteach ar na bealaí seo:

Trí ríomhphost: disputes@rtb.ie

Tríd an bPost: An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, Bosca PO 13841, Saorphost FKY7736, Cill Orglan, Co. Chiarraí.

 

Déan teagmháil linn

Má bhíonn aon cheisteanna agat nó más gá duit sinn a thabhairt cothrom le dáta maidir le do mhionsonraí:

Cuir glao ar 0818 30 30 37 nó 01 7028100

Seol ríomhphost chuig disputes@rtb.ie